Loves an Luain

Fuair mé mo chuid fabhraí déanta arís Dé hAoine seo caite agus táim i ngrá leo, ní cheapaim go ngabhfaidh mé dá n-oireasa arís go deo! 

An rud is mó a bhí ag cur as dom áfach an uair deirneach a fuair mé déanta iad ná nach raibh cead agam eyeliner a úsáid mar go gcuireann an ola san eyeliner isteach orthu! 

Ach....yay....tá eyeliner faighte agam nach bhfuil aon ola ann agus mar sin is é sin mo loves an luain an tseachtain seo :) 

Is féidir é a fháil i mBoots, Cara Pharmacy, Dunnes nó aon áit le cuntóir Maybelline acu agus níl sé ach €11.99 :) 

Gearóidín  X