Blag na Bliana tugtha go Gaillimh ag na Glams!

Hello a chairde, shuigh mé síos cúpla nóiméad ó shin, tar éis lá scoile agus oíche mhór agus thosaigh mé ag cuimhniú ar an oíche aréir agus mé ag iarraidh an blag seo a chur le chéile. Caithfidh mé a rá go bhfuil deora i mo chuid súile le bród agus le háthas go bhfuil ár mblagín beag glam tar éis trí mhórdhuais a bhaint amach i nGradaim Blag Littlewoods na hÉireann. Níor cheap mé go deo nuair a thosaigh muid an blag seo beagáinín os cionn bliana ó shin go mbeadh mé i mo shuigh anseo inniu ag rá go bhfuil éacht bainte amach againn. Tá ár gcuid fónanna ag glaoch ó mhaidin agus teachtaireachtaí áille ag teacht isteach ónár gcairde, ár ngaolta, blagálaithe eile agus daoine nár bhuail muid leo riamh. Líonann sé mo chroí le bród as an mblag agus as an obair atá déanta ag na cailíní agus agam féin le bliain anuas. Caithfidh mé mo bhuíochas a ghabháil ar mo shon féin agus ar son na cailíní eile as an tacaíocht a thugann sibh dúinn lá i ndiaidh lae agus go háirithe ar an lá fíorspeisialta seo inár saol mar bhlagálaithe. Go raibh míle maith agaibh ar fad, murach sibh ní bheadh tada bainte amach againn. 

Na duaiseanna a bhuaigh muid: 

1. Blag Gaeilge urraithe ag Foras na Gaeilge

Tá sé go deas i gcónaí tacaíocht a fháil ó mhuintir na Gaeilge agus bhí muid fíorshásta go raibh muid ainmnithe anseo. Ceann de na rudaí a chloiseann muid go han-mhinic mar bhlagálaithe Gaeilge ná go ndeir daoine linn i gcónaí 'I wish I had more Irish", "I wish I understood you". Tá daoine ag leanúint blagálaithe Gaeilge nach bhfuil focal Gaeilge ina bpluca ach go dtaitníonn sé leo go bhfuil an Ghaeilge le feiceáil, le cloisteáil agus á labhairt! Ceapaim gur rud iontach é sin!  Caithfidh mé a rá go líonann sé sin mo chroí le bród go bhfuilimid ag déanamh rud difriúil, go bhfuil muide mar ghaelgóirí ag rá cén fáth nár cheart dúinn é seo a dhéanamh i nGaeilge. Tá ard-mholadh tuillte ag na hiarrathóirí eile a bhí san iomaíocht aréir sa chatagóir seo freisin, mar tuigeann siadsan go díreach céard atá á dhéanamh againn. Fair plé daoibh:  

Bliain leis na Dubs

Cosa gan Champós

IGaeilge 

Sárbhlaganna Gaeilge ar fiú go mór súil a chaitheamh orthu! 

2. Innovation Blog: Céard is féidir a rá anseo? An blag is nuálaí, cé a cheapfadh é go bhfuil Gaeilge nuálach! Níl a fhios agam cén chaoi ar féidir liom é a rá ar bhealach níos deise ach tá muid chomh sásta gur bhuaigh muid anseo. Ní raibh súil ar bith againn leis! 

Is iad na blaganna eile a bhí sa chatagóir seo linn ná: 

Fiona Grows Food

Pint of Pop 

The Creative Yoke 

The Life of Stuff

3. Agus ar deireadh an ceann mór!!!! Blog of the Year! Céard is féidir liom a rá??? Bhí os cionn 1500 blog istigh ar chomórtais Littlewoods Ireland agus bhain ceathrar chailíní ó Chonamara (agus Tuaim ach tá muid ag rá níos mó gur Conamarach í Síofra s'againne) an duais seo amach! Níl a fhios agam an bhfuil sé cloiste agaibh ach bhí muid ar an M50 ar an mbealach abhaile nuair a fuair muid Tweet go raibh an gradam seo bainte amach againn!!! B'éigean dúinn casadh ar ais agus ba bheag nár chuir Roseann, an créatúr, an carr don bhóthar! (Mór an mhaith nach raibh aon squad ar an mbóthar ag an am). Níor chreid muid é seo agus cheapfainn go bhfuil Aisling bhocht ag crith fós! Cé a chreidfeadh é? Léigh mé tweet inniu a chuir Marion Ní Shuilleabháin suas gur sheas muid amach as garraí beag na Gaeilge agus cheap mé gur álainn uilig an bealach é le cur! Tá muid an-bhródúil as na Gradaim eile ach nuair a chuireann tú ár mblag suas ar sheastán le mórbhlaganna na tíre seo tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil muid ar an mblag is fearr i mbliana!!!! 

Arís a chairde, go raibh míle maith agaibh ar fad as bhur gcuid tacaíochta! Níl muid ach ina thús!

Gearóidín xxx