Gúnaí Bridesmaids le The Princess Rooms.

Hello a chairde Gaeil go léir, 

Síofra anseo le blag ar ghúnaí bridesmaids. Tá mé féin agus tríúr do mo bhridesmaids thíos i gCorcaigh le mo mháthair agus m'aintín don deireadh seachtaine. (Cónaíonn mo dheirfiúr i gCeanada agus mar sin ní bheidh sí linn). Tá coinne déanta againn d'amárach le Sarah ó The Princess Rooms i gCóbh agus tá mé ag súil go mór leis. 

Tá siopa álainn aici i gCorcaigh agus tá an t-úafás cloiste agam faoi. Déanann sí an branda True Bride agus tá rogha leathan acu ar www.truebride.co.uk. Phioc mé cúig ghúna ón mbranda seo a thaitníonn go mór liom agus ceapaim go mbeadh siad go hálainn ar na cailíní freisin! 

Tá dath agam i m'intinn ach nílim chun an cat a scaoileadh as an mála fós, agus b'fhéidir go n-áthróidh mé m'intinn ar aon nós!! 

Seo é an chéad cheann a thaitníonn liom - Ceapaim go bhfuil sé go hálainn agus an-elegant ar fad!

Is aoibhinn liom na gúnaí seo ar fad agus sílim go bhfuil an dá dhath go haoibhinn ar fad!! 

Agus an chéad cheann eile...

Uimhir a ceathair,

Agus an ceann deireanach atá piocaithe agam ná an ceann álainn seo.. Nílim ag iarraidh a rá gur é  an ceann seo an ceann is fearr liom mar b'fhéidir nach mbeadh sé chomh deas sin amárach, ach is aoibhinn liom é! Tá sé go hálainn, classy agus stiallmhar ag an am céanna!! Nílim in ann pictiúr den ghúna ar fad a fháil ar líne agus mar sin táim ag súil go mór é a fheiceáil amárach!

Sin iad a chairde!! Lean muid ar Snapchat chun na himeachtaí go léir a fheiceáil amárach!

Slán go fóillín, 

Síofra. xxxx