Stil na Seachtaine - Aisling

Tar éis cruinniú Ghaeilge le Glam an tseachtain seo caite táimid théis mir nua a thabhairt isteach sa bhlag ar bhonn sheactainiúil agus is é sin na stíl na seachtaine.

Is mise an chéad duine ar an róta agus séard a roghnaigh mé ná an outfit seo a chaith mé ar scoil an tseachtain seo.

Buíochas le Dia tháinig lá deas gréine Dé Máirt agus thapaigh mé an deis na sandals a chuir orm arís.

Creid é nó ná creid tagann 99% den outfit seo ó Penneys. Cheannaigh mé na jeans agus an blús dearg seo I bPenneys I rith an tsamhraidh. Níl a fhios agam faoin mblús ach tá na jeans fós ann ar €11!!!

Chonaic mé blús cosúil leis an gceann atá á chaitheamh agam ar boohoo. Is féidir é a fháil anseo:

Tá na bróga agam le cúpla mí. Is ar Missguided a fuair mé iad ach chuaigh mé sa tóir ar chinn cosúil leo agus chonaic mé iad seo ar Asos ar €39.99. Is féidir iad a cheannacht ag an nasc seo:

Caithim an DW anois an-mhinic ó fuair mé mar bhronntas Nollag é anuraidh. Tá siad classy agus is breá liom é. Is féidir é a cheannacht anseo:

Cheannaigh mé an choker i bPenneys freisin. Tá sé ar nós go bhfuil trí shlabhra orm ach is ceann amhaín uilig é. Cheap mé nach gcaithfinn iad ach anois is maith liom iad agus caithim go minic iad.

Bhuel sin é mo rogha stíl na seachtaine seo.

Slán tamaill

Aisling

X