Mo thaithí leis na malaí HD in Áilleacht.....

Dia dhaoibh a chlann,

Is blag speisilata é an blag seo inniu mar go bhfuil mé ag cur síos ar mo thaithí leis na malaí HD. Cúpla seachtain ó shin chuir Edel teachtaireacht chugam ag cur ceiste an mbeadh suim agam iad a thriáil. Caithfidh mé a rá nach raibh mé cinnte ar dtús mar nach ndearna mé iad le os cionn chúig bliana.

Ba cheart go mbeadh a fhios agam go mbeinn sábhailte i dteannta Edel mar go bhfuil sí chomh proifisiunta ina cuid oibre.

Tá Edel i gceannas ar an salon áilleachta 'Áilleacht' le dhá bhliain anois agus é ag dul ó neart go neart agus is maith an aghaidh uirthi é mar go tugann sí seirbhís nach den chéad scoth. Seo cúpla pictíur daoibh don salon atá aici.

Ar aon nós mar a dúirt mé, is iad na malaí HD a fuair mé Dé hAoine seo caite agus caithfidh mé a rá go bhfuil mé an-sásta leo, chomh sásta sin go ndearna mé coinne eile leí i gceann cheithre seachtaine.

Mar a fheiceann sibh thíos seo hiad mo chuid malaí roimh na HD. (Bhí siad fiáin). Ar dtús chuir sí peroxide orthu agus d'fhág sí b'fhéidir chúig noiméad iad (mé ar mo chompord ag éisteacht le Mariah Carey agus mé te teolaí ar an leaba leis an bpluid leictreach air aici!!!)

Tháinig si ar ais ansin agus thomhas sí mo chuid malaí chun fáil amach an raibh siad cothrom srl. Chaith sí cúpla nóiméad mhaith air seo(arís perfectionist) Chuir sí an dath orthu ansin, mar a fheiceann sibh sa phictiur thios)

Arís d'fhág sí cúpla nóiméad an dath ionas go mbeadh sé feiliúnach do dhath mo ghruaig féin. Tar éis thart ar 10 nóiméad ansin, tháinig sí ar ais agus rinne sí an 'wax' ar dtús, ansin beagán 'threading' agus ar deireadh d'úsáid sí an tweezer chun an cúpla ceann ceanndána a bhí fágtha a bhaint. Seo thíos anois mo chuid malaí HD (théis seisiúin amháin)

An rud faoina malaí HD ná nach mbíonn siad foirfe ar dtús, an chéad lá. Sea is mó a dhéanann tú iad sea is deise a bhíonn siad. Má fhéachann sibh ar an bpictiúr thíos, seo í Edel, an bhean a rinne mo chuid malaí! ACH breathnaigh ar a cuid malaí!!!! Níos fearr ná sin rinne sí féin iad!!! Táim cinnte go ndéannfaidh sí sár jab ar mo chuid freisin agus táim ag súil go mór le mo thuras lei agus go mbeidh mo chuid malaí féin chomh deas céanna.

Ta Áilleacht lonnaithe ar an gCeathrú Rua in aice leis an gCogaslann (trasna ón leabharlann) D'fhéadfá a rá gur 'hidden gem' atá ann mar go bhfuil sé thíos staighre.

Sa salon féin tá atmaiséar álainn suaimhneach agus iad uilig go hálainn cairdiúil isitigh ann

Táim ag súil go mór le mo chéad chuairt eile I gceann cheithre seachtaine.

Coinnigí súil ar an snap mar cuirfidh mé suas mo thuras agus má tá sibh ag iarraidh caighdeáin agus profisiúntacht tugaigí cuair ar Edel in Áilleacht ;)

Grá,

Ailsing

X