Na Buataisí atá ar mo Wishlist an Geimhreadh seo!

Hello hello hello a chairde! Cén chaoi a bhfuil sibh? 

Bhuel is dócha nach aon rún mór é ag an staid seo go dtaitníonn bróga liomsa. Agus rud a thaitníonn níos mó ná bróga liom ná an t-am seo den bhliain! Is breá liom éadaí an fhómhair agus an fuacht agus neart éadaí a bheith orm! 

An t-am seo an bhliain seo caite chuaigh mé sa tóir ar bhuataisí don gheimhreadh agus bliain ina dhiaidh táim ag déanamh an rud ceannan céanna mar sin a chairde seo cuid de na buataisí deasa a bhfuil mo shúil agam orthu! 

Is breá liom na buataisí seo ó Ted Baker! Is aoibhinn liom an chuma atá orthu, go háirithe chun tosaí, faighim an-deacair é buataisí a fháil atá beagáinín 'pointeáilte' ag an mbarr! Tá siad seo FAB!!! Tá siad seo ag dul ar bheith ar mo liosta le haghaidh Santaí i mbliana! Is féidir iad a cheannacht ag an nasc seo: http://bit.ly/2cmGxUN

Cheannaigh mé 3 phéire buataisí i River Island an bhliain seo caite agus tá siad fós chomh deas céanna i mbliana agus níl aon dabht faoi ach go bhfuilim ag baint neart úsáide astú. Ar aon nós bhí mé ag breathnú ar an suíomh an tseachtain seo agus chonaic mé na cinn seo thíos! Khaki....tá siad ag iarraidh orm iad a cheannacht!!!!! Is féidir iad a cheannacht thíos: cliceáil ar an bpictiúr:

Na cinn seo thíos, táim in ann iad a shamhlú ar mo chosa cheana féin le péire deas jeans agus geansaí beag bán, bheadh cúlaith álainn agat.

Má léigh sibh blag Aisling an tseachtain seo, tá's agaibh ag an staid seo go bhfuil metallics ar ais! Tá siad fab má chaitheann tú i gceart iad. Ceapaim go mbeadh na buataisí beaga seo go hálainn le gúna beag dubh simplí! Is féidir iad a cheannacht anseo:

Áit amháin le súil a chaitheamh ar agus tú ag lorg buataisí don Gheimhreadh ná Newlook. Chuile bhliain bheo bíonn bróga áille acu agus iad ar phraghsanna réasúnta agus bíonn siad i gcónaí an-chompordach. Is féidir iad a cheannacht ag an nasc seo: http://bit.ly/2cmIErJ nó cliceáil ar an bpictiúr. 

Is breá liom an dath atá ar na buataisí seo thíos, agus tá sé fíordheacair cinn an dath seo a fháil. Is féidir iad seo a cheannacht ag an nasc seo: http://bit.ly/2c3Fdur nó cliceáil ar an bpictiúr!

Ba bheag nár thit an dá shúil amach as mo chloigeann nuair a chonaic mé iad seo....buataisí sa dath Emerald! WOW! An dath is fearr liom, bhuel é sin agus turquoise, ach nach álainn iad, is féidir iad a cheannacht ag an nasc seo: http://bit.ly/2cmM8dP

Muna gceannaím na buataisí áille thuas ó Ted Baker, seo thíos an dara rogha atá agam, buataisí ó Asos, is féidir iad a fháil ag an nasc seo: http://bit.ly/2c3GeTe

Anois níl orm ach banc a robáil nó an lotto a bhuachan agus ansin síneadh a chuir ar an teach! Seol snaps chugam do bhuataisí deasa a thaitníonn libhse agus b'fhéidir go mbeidh orm cur le mo liosta :) 

Gearóidín