Highlighters.. Cén ceann is fearr??

Hello hello hello, Síofra anseo arís! Tá mé ar ais ar scoil anois, i mo scoil nua agus táim ag baint taitnimh as an obair ar fad! Ach faraor tá mé an-ghnóthach! 

An uair seo, táim ag díriú ar chúrsaí áilleachta. Highlighter go sainiúil! Is aoibhinn liom an 'glow' a thugann na highlighters go léir dúinn. Is cinnte go gcaithfimid a bheith cúramach leo, níl muid ag iarraidh a bheith cosúil le 'disco ball' ná tada dá shórt! 

Tá trí cinn agam ach is cinnte go bhfuil mo 'fave' faighte agam faoi dheireadh. 

An chéad cheann a bhí agam ná Mac Skinscapade. Cosnaíonn sé thart ar €30.00 agus níl sé rómhaith chun a bheith ionraic! Tá sé i bhfad róéadrom agus caithfidh tú an t-uafás dó a úsáid chun é a fheiceáil. Níl an 'pigment' go maith ar chor ar bith! Ná ceannaigh é - níl tú ach ag cur airgid amú!! (I mo thuairimse ar aon nós) Tugaim 5/10 dó!!

Mac Skinscapade.jpg

An chéad cheann eile a úsáidim ná 'Lulu' ón Pippa Palette. Agus is AOIBHINN liom é! Tá 'pigment' iontach aige agus mar sin ní chaithfidh tú an iomarca a úsáid! Tá dath álainn uaidh freisin, tá sé cinéalín órga agus is maith liom é seo. Caithim é agus mé ag dul amach ar oíche Shathairn. Cosnaíonn an Pippa Palette €34.95 ar Cloud10beauty.com agus is fiú go mór é mar tá ocht ndath eile sa phalette agus tá siad go léir go hálainn!! Bheinn caillte gan an Pippa Palette. Úsáidim é gach uile lá! Faraor, b'fhearr liom dá mbeadh Lulu ar fáil ina aonar agus mar sin tugaim 8/10 dó!

Pippas Palette.jpg

Agus an ceann deireanach atá agam ná an Catrice High Glow Highlighter. Cosnaíonn sé €5.50 agus tá sé go HIONTACH! Anois, níl an méid céanna 'pigment' istigh ann agus atá ag an Pippa Palette ach fós tá sé an-mhaith! Níl sé rógheal agus mar sin is féidir liom é a chaitheamh gach uile lá! Cuirim é faoi mo mhalaí freisin agus is aoibhinn liom an éifeacht a chruthaíonn sé.  Is cinnte go mbeidh mé ag iarraidh ceann eile a cheannach nuair atá mo cheann féin imithe. Mar gheall ar an bpraghas agus ar an dath tugaim 9/10 don highlighter seo. Is cinnte gur é seo an ceann is fearr liom!! 

Sin é uaimse a chairde! Tá súil agam gur bhain sibh taitneamh as an mblag agus gur fhoghlaim sibh rud nó dhó uaidh!

Ná déanaigí dearmad is féidir libh snap nó teachtaireachtaí a sheoladh chugainn má tá ceist ar bith agaibh. 

Slán go fóillín, 

Síofra. xxx