Metallics- Tá a mbealach déanta ar ais acu....

Níl ort ach irisleabhaar faisin a cheannach, dul tríd do leathanach Instagram nó féachaint ar E Online nó ceann ar bith acu sin agus bí cinnte go bhfeicfidh tú rud éigin 'Metallic' orthu.

Is trend é atá tagtha chun cinn le cúpla mí anuas agus ceann a fhanfaidh linn ar feadh tamaill eile cheapfainn.

Bíodh an ghráin agat orthu nó taitneodh siad leat ach beidh siad le feiceáil amach anseo i bhfaisean an fhómhair agus an gheimhridh. Séard a rinne mé anseo ná gur phioc mé an faisean agus na accessoires is mó a tharraing m'aird agus mé ag siopadóireacht liom ar líne.  

Nach bhfuil an mála seo go hálainn? Foirfe le haghaidh daltaí ollscoile agus fiú aon duine a bheadh ag dul ag siopadóireacht ar feadh an lae. Samhlaím é seo le bríste géine dubha, geansaí dubh agus ansin go dtugann an mála se an 'sparkle' sin duit.

Tá an mála thíos níos feiliúnaí le haghaidh oíche ar na tiles leis na girls agus nach deas simplí an mála beag é!!

Cén uair nach bhfeicim rud éigin ar Zara!!! Ar an bpointe agus a chonaic mé an sciorta seo ba bheag nár thit an t-anam asam (Faraor nach raibh mé in ann é cheannach, is ábhar tí atá ar mo liosta siopadóireachta na laethanta seo)

Seo ceann eile a chonaic mé agus a bheadh foirfe d'aon duine a raibh bainis acu an seásúr seo.

Arís ceann álainn eile. Is é praghas an sciorta seo a chuir ionadh orm agus gan é ach €27 ar Missguided!!!!

Wow Wow, níl a fhios agam fúibhse ach cheapfainn go bhfuil siad seo ar chinn de na buataisí is deise dá bhfaca mé le fada an lá.... Dá mbeadh spás agam......

image1xxl-2.jpg

Tá an seacéad seo 'funky' freisin. Is maith liom é ach níl a fhios agam an mbeinn in ann é a chaitheamh.

Bhuel sin sin inniu, mo rogha ón trend faisin is déanaí.

Slán tamaill,

Grá,

Aisling

X