Béilte Beaga Blasta - Nassi Goreng

Dia dhaoibh, 

Níl a s'agam an cuimhin le aon duine agaibh an bialann Tamarind a bhí i nGaillimh? Faraoir, dhún siad na doirse ar an bhialann sin cúpla bliain ó shin agus is ó sin a fuair mé an smaoineamh don oideas seo.  

Is fiú a rá go bhfuil rogha agat i dtaobh "spicyness" an mhias seo. Go pearsanta, an méid is mó sillí gur féidir a chuir ann sin é an chaoi is fearr liomsa é.  

Shocraigh mé an mhias seo a déanamh le Cloicheáin (An raibh a fhios agaibh gurb é seo an Ghaeilge ar Prawns?? Rud nua foghlamtha agam inniu!!) ach go minic faightear é le meascán sicín agus cloicheáin!

Na Comhábhair

100g Cloicheáin

1 Sponóg Bord Gairleog

1/2 Piobar Glas

1/2 Piobar Dearg

5-6 Muiriúin

2 Scailliúin

6 Sponóg Bord Anlann Soya

1 Ubh

150g Rís Donn

Cúpla Píosa Coriander Úr

Modh:

  1. Gearr na glasraí ar fad ar dtús - Muisriúin, Scailliúin, chilli agus piobar
  2. Cuir an rís i bpota le uisce te agus fág ag fiuchadh ar feadh 10-15 nóiméad 
  3. Téigh an ola sa phota agus cuir leis an gairleog an Chilli agus an Scailliúin
  4. Cuir isteach na glasraí eile agus fág ag cócaireacht ar feadh 5 nóméad
  5. Cuir leis na Prawns eile agus measc
  6. Dóirt isteach an anlann soya
  7. Cur leis roinnt den coriander úr chun cur leis an mblas
  8. Nuair atá an rís réidh measc é leis na glasraí (cuir leis beagáinín níos mó anlann Soya má tá sé an-tirim) 
  9. fág ar an teas ar feadh 2 nóiméad
  10. Chun cócaireacht a dhéanamh ar an ubh - déan tobar i lár an mheascán agus cuir beagáinín ola coconut isteach ann. 
  11. Cuir an ubh isteach sa tobar agus fág ar teas meánach nó go bhfuil sé cócaráilrte ach go bhfuil an cuid buí fós bog.
  12. Chun é a riarú - Cuir an mheascán i mbabhla agus iontaigh bun ís cionn é ar phláta.
  13. Tóg amach an ubh agus fág é ar bharr an mhias
  14. Cuir beagáinín coriander úr leis an mias.

Agus chun é a chríochnú ná déan dearmad faoin ubh ar a bharr!!!!!

Sin é uaimse a chairde, 

Roseann 

xxxx