Béilte Beaga Blasta - Alfredo Sicín

 

Dia dhaoibh a chairde Glam, 

Ní haon scéal nua é go mbíonn suim agam í gcúrsaí bia agus leis an scoil bhliain nua tosaithe seo aimsir na "New Years Resolutions" do chailíní Gaeilge le Glam. Le mo phost nua beidh mé ar an mbóthar go minic agus mar atá a fhios agaibh féin, tá deacrachtaí ag baint leis sin ó thaobh chúrsaí itheacháin!! Le cur leis seo tá bainis mo sister in law agam i gceann cúpla seachtain (tá a fhios agaibh féin go dtagann roinnt panic leis seo agus gan gúna féin faighte fós!!!) 

Seo daoibh tús m'aistear bia agus leis seo tá mé chun mo mhíle dhícheal a dhéanamh mias simplí (an-Shimplí mar ní bhíonn an foighne agam d'oideas ró-chasta agus is breá liom na one pot wonders!!) a chuir ar fáil daoibh ar an mblag gach seachtain!!

Beidh na h-oidis bunaithe ar na miasanna is fearr liom féin ach beidh siad déanta níos sláintiúla m.sh ní úsáidim uachtar riamh!!!!!!

Le tús a chuir leis seo shocraigh mé an mhias simplí "Alfredo Sicín" a roinnt libh.  Chuir mé é seo ar snapchat roinnt seachtaine ó shin agus fuair mé roinnt snaps ina dhiaidh ó daoine a bhain triail as.... maith sibh bhí siad ag breathnú go hálainn!!!!

Na comhábhair

 

150g Pasta 

2 Filléad Sicín

1/2 Piobar Glas

1/2 Piobar Dearg

2 Taesponóg Gairleog Reoite

6-8 Muisiriún

1 Sponóg Bord Garlic agus Herb Philadelphia

300ml Stock Sicín nó glasraí

1 Taesponóg d'Ola Coconut 

Cúpla píosa basal úr

 

An Modh

  1. Bailigh na comhábhair, nigh na glasraí agus ullmhaigh an Stoc
  2. Gearr an sicín i gciúbanna
  3. Téigh an ola sa phota agus cuir leis an gairleog agus oiniún gearrtha
  4. Cuir leis an sicín agus cócaráil ar feadh 2 nóiméad
  5. Cuir leis na glasraí eile agus measc
  6. Dóirt isteach an stoc agus an Pasta
  7. Fág ag suanbhruith ar feadh 10-12 nóiméad ag mescadh go rialta (ar fhaitíos go ngreamódh an pasta)
  8. Cuir leis an Basal úr nó tirirm agus an sponóg bord Philadelphia chun uigeacht uachtarach a thabhairt don mhias.
  9. Fág ar an teas ar feadh 2 - 3 nóimead agus riaraigh le píosa beag basal úr ar a bharr.

 

Tá súil agam go mbaineann sibh trial as an mhias seo, is béilí blasta é gan dabht ar bita!!!

Lean ar aghaidh ag seoladh na snaps chugam :) 

Roseann