Béilte Beaga Blasta - Sausage Rolls

Dia dhaoibh a chairde, 

Níl dabht ar bith ach go bhfuil an Nollaig ag druidim linn agus muid ag smaoineamh anois ar na cóisir ar fad a bheidh a eagrú againn! Seo'd ceann do mo specialities féin, tá siad éasca le déanamh agus tá siad álainn má bhíonn suim agat party food a dhéanamh in ionad a bheith ag réiteach béilí mór! 

 

Na Comhábhair

1 oiniúin dhearg

30 Ispíní

Píosa beag sage úr

1tsp Mixed Herbs (luibheanna measctha)

1 Cairéid (Grátáilte)

1 Courgette (Grátáilte)

75g Cáis grátáilte

2 Clove Gairleoig

4 Slisín arán donn

250g Taosrán (Jus-Rol Puff Pastry)

Meascán d'ubh agus bainne (le glónra)

 

Modh

  1. Cas ar an oighean @ 220oC
  2. Grátáil na comhábhair seo a leanas - Cairéid, Courgette, Arán agus cis.
  3. Gearr an Gairlog agus an Oiniún go mion
  4. Bain an chraiceann do na hispíní agus cur isteach i mbabhla mór iad
  5. Cuir na comhábhair ar fad sa mbabhla leis na hispíní agus measc le do lámha nó go bhfuil na comhábhair ar fad measctha go cothrom leis na hispíní.
  6. Oscail an taosrán amach agus chun é a dhéanamh níos tanaí is féidir an rolling pin a chuir ar. 
  7. Ag úsáid sponóg cuir an meascán ar bharr an taosrán i líne fada dhíreach.
  8. Fill an taosrán timpeall ar an meascán chun é a chlúdú (gearr aon taosrán breiseadh agus fag go leath taobh)
  9. Gearr na hispíní i gcodanna cothroma agus fag ar stán bacála.
  10. Measc rud beag bainne agus ubh le chéile agus ag úsáid scuab taosrán cuir ar bharr na sausage rolls (tabharfaidh sé seo dath deas órga dóibh)
  11. Cuir san oighean ar feadh 20-25 nóiméad

Agus sin é a chairde tá sé chomh simplí leis sin!!!

Ma bhaineann sibh triail astu seo na déan dearmad pictiúir nó snapchat a roinnt linn @ gaeilgeleglam.

Slán go fóill

Roseann xxxx