20 táirge faoi €20!!!

Haigh Glams,

Conas atá cúrsaí libh anocht? Tá súil agam go bhfuil sibh uilig go maith. Ó tharla gur blag ar chúrsaí faisin a scríobh mé daoibh an lá cheana shocraigh mé ar cheann a scríobh anocht ar na táirgí uilig a úsáidim go rialta.

Ní hamháin sin ach tá siad Seo ar fad le fáil ar níos lú ná €20! Is rudaí iad seo nach mbeinn in ann déanamh d'uireasa agus shocraigh mé iAd sin a roinnt libh, sean go n-úsáideann sibh féin go leor acu seo freisin.

Tosóidh mé ar dtús le cúrsaí gruaige. Cuirim highlights i mo chuid gruaige chuile shé seachtaine is dóigh agus mar sin caithfidh mé an-aire a thabhairt di. Úsáidim an 'Dove Dry Oil' seo agus 'Tresemme Heat Protection' chuile uair a ním mo ghruaig agus sin chuile lá i rith na seachtaine mar gheall ar an aclaíocht. Cabhraíonn sé seo le mo ghruaig agus mé á triomiú.

Aon duine agaibh atá fionn ar nós mé féin tuigfidh sibh go n-éiríonn an ghruaig 'brassy' scaití agus chun é sin a stopadh úsáidim an 'SP Silver Blonde'. Táim ag úsáid an táirge seo le blianta cé go gcloisim go leor cainte ar 'Kevin Murphy' agus a chuid táirgí.

Cheannigh mé na táirgí gruaige ó Cocoa Brown cúpla seachtain ó shin agus caithfidh mé a rá go gceapaim go bhfuil siad an-mhaith, go dtí seo ar aon nós. Tá an praghas atá orthu an-deas freisin.

Anois an chéad chuid eile ná cúrsaí craicinn. Le blianta anuas bhínn ag athrú táirgí chuile chúpla seachtain mar nach raibh tuairim dá laghad agam cén táirge ab fhearr do mo chriceann. I láthair na huaire is ad na táirgí atá in úsáid agam ná na táirgí ón Body Shop. Chun mo smidiú a bhaint díom agus chun mo chraiceann a ullmhú chun dul a chodladh úsáidim chuile shórt ón Body Shop. Is iad na cinn le 'Vitamin E' iontu a úsáidim. Tá an facial cleanser, toner, moisturiser agus an night mask agam uathu. 

Anois agus arís má mhothaím mo chraiceann tirim nó go bhfuil TLC ag teastáil uaidh úsáidim an 'Bio Oil' nó 'Nip and Fab'. Tá siad seo éifeachtach agus saor agus ní fhéadfainn dearmad a dhéanamh ar an 'Micellar Water'.

Chomh fada agus is féidir agus nuair a chuimhním air caithim an SPF seo ó Bioderma. Fiú mura bhfuil an ghrian amuigh is féidir leí damáiste a dhéanamh agus mar sin tá sé riachtanach go gcaitheann muid uilig SPF chuile lá beo.

An chéad chúpla rud eile níl iontu ach cuid de na táirgí smidiú a úsáidim go laethúil agus go minic.

Seo é an foundation a chaithim ar bhonn laethúil agus mé ar scoil. Má leanann sibh TarO Farrell feicfidh sibh gur aoibhinn leí é seo freisin!!

Ó bhain mé díom mo chuid braces bliain ó shin tá mé an-chonsiasach faoi mo chuid fiacla agus mar sin úsáidim an 'Oral B- 3D Luxe' le bliain. Tá sé níos costasaí ná na gnáthchinn ach is fiú é.

Agus sin sin uaimse anocht a chlann...na táirgí nach bhfuilim in ann maireachtáil d'uireasa...

Slán slán,

Aisling

xxxx