Ár gCéad Bhreithlá

Heellooo, 

So mar is eol daoibh bhí muid go léir ag ceiliúradh ár gcéad bhreithlá aréir sa Phúcán i nGaillimh. Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil Gaeilge le Glam bliain ar an bhfód cheana féin agus bliain iontach a bhí inti caithfidh mé a rá! 

Thosaigh muid amach ar an 5ú lá de Lúnasa 2015 agus tá gaeilgeleglam.com ag dul ó neart go neart ó shin. Bhí muid ar Chlár Roisín ar Tg4 faoi dhó agus bhí mír rialta againn ar Raidió na Gaeltachta ar an gclár Bhlathnaid Libh gach mí! Bhaineamar an-taitneamh as na himeachtaí sin agus tá go leor rudaí eagsúla ag teacht aníos dúinn freisin! So, GO RAIBH MÍLE MAITH agaibh go léir as an méid tacaíochta atá tugtha agaibh dúinn i rith na bliana. 

Ar ais go dtí an chóisir anois, bhí slua mór iontach ann agus bhí an Púcán lán lenár gclann, lenár gcairde agus bhí cúpla leantóir nua ann freisin! Bhuail muid le beirt chailíní ó Chorcaigh. Is múinteoirí iad Sorcha agus Joy agus tháinig siad ó Chorcaigh chun freastal ar an gcóisir! Bhí muid an-tógtha leo! Go raibh míle maith agaibh! 

Imeachtaí na hOíche

Rinne Roseann sár job leis an gcáca. Thaitin sé go mór le gach uile duine a bhlais é! Bhuaigh Amanda Ní Mháille an hamper iontach a bhí curtha le chéile againn ó Cara Pharmacy agus The Beauty Quarters. Silím go raibh sí an-sásta leis an duais! Maith thú Amanda!

Tháinig Deirdre ó Rí na Mara chuig an gcóisir freisin agus bhreathnaigh sí thar cionn i ngúna glas. Bhí sí an-ghlam mar is gnách!

DSC_0425.JPG

Agus, breathanigh cé a bhuail isteach ar cuairt againn freisin!!  Bhí muid an-tógtha leis an iarracht a rinne sé chun an Ghaeilge a labhairt! Agus bhí stíl iontach air freisin!

DSC_0568.JPG

Stíl na hOíche

Tá stíl éagsúil ag an gceathrar againn agus bhí sé sin le feiceáil aréir. Rachaidh mé tríd na feistis go léir anois! 

Chaith mé 'outfit' a cheannaigh mé in Zara an bhliain seo caite. Top agus bríste gearra a bhí i gceist. Cheannaigh mé mo bhróga 'Steve Madden' i Macys i Meiriceá an samhradh seo caite freisin. Rinne Claire in The Beauty Quarters mo tan, Aisling ó Yourells in Oran Mór mo ghruaig agus rinne Melissa in The Beauty Quarters mo smidiú. Mhothaigh mé cosúil le réalt éigean ag fáil an méid sin 'grooming' ach is cailín mé agus is aoibhinn liom ag fáil aon sórt pampering!! 

Chaith Aisling gúna bán ó www.ladyvb.com agus bhí bróga ó Zara uirthi. 

Chaith Gearóidín sciorta oráiste ó Willow i nGaillimh agus top liath ó New Look. Bhí slabhra ó Newbridge Silverware agus bróga Kurt Geiger uirthi freisin. 

Agus bhí Roseann ag caitheamh gúna a cheannaigh sí i Stradivarius nuair a bhí sí ar a laethanta saoire sa Spáinn cúpla seachtain ó shin.  Chaith sí bróga ó New Look agus slabhra ó Zara! (Is aoibhinn linn go léir Zara mar a fheiceann sibh!) 

Bhain muid an-taitneamh as an gcóisir ar fad. Bhí céiliúradh iontach againn agus tá muid an-bhuíoch as gach uile duine a bhuail isteach againn! Táimid ar ais ag obair arís inniu ionas go mbeidh bliain iontach eile ag Gaeilge le Glam. 

Grá mór millteach, 

Síofra. xxx