Eyelash Extensions, an fiú iad?

Hi a chairde, táim ar ais ón Spáinn agus ó Chontae an Chabháin leis na cailíní. An tseachtain seo táim ag bunadh mo bhlag ar na fabhraí nua atá faighte agam. Is rud iad seo a raibh mé ag smaoineamh orthu le fada an lá agus bhí cara agam i Nás na Ríogh a mbídís uirthi i gcónaí agus is ansin a thit mé i ngrá leo. Ansin fuair Aisling iad le bean ar an gCeathrú Rua ach faraor, chinn sé ormsa coinne a fháil léi mar sin chuaigh mé sa tóir ar áit éigin eile. Tá mé gafa le fabhraí bréige, caithim iad an t-am ar fad agus is breá liom na cinn ó Penneys ach go háirithe. Ach nuair a bhí mé ag dul ar mo chuid saoire ní raibh mé ag iarraidh go mbeinn ag greamú gliú orm féin sa teas agus ag guí nach dtiocfadh siad díom. 

Tháinig mé trasna ar an suíomh http://lashluvby.com/treatments.html

Áit bheag atá ag Monika, an bhean ar léi 'LashesLuv', atá os cionn na cógaslainne Matt O'Flatherty's in aice le Brown Thomas i nGaillimh. Rinne mé neart taighde, agus léigh mé na teistiméireachtaí ar fad a bhí ar an suíomh agus dar ndóigh bhí siad go léir dearfach. Bhí mé amhrasach go dtarlódh sé seo mar sin rinne mé tuilleadh comhardú agus bhí chuile cheann dearfach! Shocraigh mé mar sin coinne a dhéanamh. Labhair mé le Monika ag an uimhir 085-2487390. Mar gheall go mbíonn sí féin agus an bheirt a chabhraíonn léi agus a dhéanann na fabhraí freisin, chomh gnóthach, molann sí téacs a sheoladh chuici má tá tú ag iarraidh coinne a dhéanamh. Sin é go díreach a rinne mise, ní raibh sí féin ar fáil mar sin is í Eszter a rinne mo chinn. 

Ar an bpointe a bhí coinne déanta agam, fuair mé r-phost ag moladh dom céard a chaithfinn a dhéanamh roimh mo choinne. An rud is mó, ná a chinntiú go raibh na fabhraí glan, saor ó mhascara agus nach n-úsáidfeá aon ghlantóir le hola ann. 

Ar an lá, shiúil mé isteach agus ghlac siad liom taobh istigh do 5 nóiméad. Chuaigh sí trí na stíleanna éagsúla a bhí ar fáil agus céard go díreach a bhí uaim. Shocraigh mé a dhul le stíl nádúrtha...gan iad a bheith ró OTD...agus sin go díreach a fuair mé :) 

Tógann an chéad choinne 2 uair agus cosnaíonn sé €85. Is féidir leat iPod a thabhairt leat agus éisteacht le ceol le linn na coinne nó is féidir leat snooze beag a bheith agat duit féin, ní raibh mise in ann titim i mo chodladh ach ag an am céanna ní féidir leat do chuid súile a oscailt! 

An toradh........fabhraí álainn, tiubh, fada! Mairfidh siad suas le 6 seachtaine ag brath ar an aire a thabharfaidh tú dóibh! Ní féidir/Ní gá duit ar aon nós mascara a chuir in aice leo, ná ola agus an rud is mó atá ag cur isteach ormsa.....eyeliner! É sin ráite ní theastaíonn sé i ndáiríre! Seo pictiúr do mo chuid fabhraí roimh agus tar éis na extensions! 

Tá siad ormsa anois le 3 seachtaine! Táim i ngrá leo. An rud is mó agus is fearr a thaitníonn liom ná nach gá dom mórán smideadh a chaitheamh anois mar go mbreathnaíonn mo shúile an-deas an t-am ar fad! (Dar liom féin ar aon nós). Seo pictiúr dom gan aon smideadh leis na fabhraí!  

Snapchat-4069952067173795763.jpg
Agus mar a fheiceann sibh anseo, níl siad ró- OTD fiú le smideadh orm! 

Agus mar a fheiceann sibh anseo, níl siad ró- OTD fiú le smideadh orm! 

Bhuel sin é uaimse a chairde. Beidh muid ag caint arís go luath, 

Gearóidín xxxx