Contouring - Na tips agus tricks a leanaim féin

Dia dhaoibh a chailíní Glam!

Mar a gheall mé daoibh, tá mé ag scríobh an bhlag seo faoi na tips a fuair mé maidir le contouring ag Masterclass Mharissa cúpla seachtain ó shin.

Le roinnt bhlianta beaga anuas tá an contouring agus anois an tontouring ina "must do" agus tú ag fáil réidh d'oíche ar na tiles.  

Is fíor bheagán smidiú a chaithim ó lá go lá agus mé ag obair, an gcreidfeadh sibh gur le dhá mhí anuas thosaigh mé ag úsáid Mascara, a bhuíochas do na Cailíní don réabhlóid seo!!!! 

Is breá liom roinnt ama a chaitheamh ar mo smidiú agus níl aon dabht ach go dteastaíonn roinnt ama uait chun an contoruing a dhéanamh i gceart!!  Níl mé i mo Expert go fóill ach is breá liom a bheith ag foghlaim, mar sin má tá aon duine amuigh ansin a bheadh ábalta níos mó tips a thabhairt dom maidir leis an teicníc seo bheinn sásta:)

Seo hiad na táirgí contouring a úsáidim ar dtús báire.

 

Ó na táirgí ar fad atá thuas is é an Stila Contour Palette an táirge is fearr liom gan dabht, ar na cúiseanna seo a leanas;

  1. Tá uigeacht uachtarach aige
  2. Níl ann ach dhá dhath - Dorcha nó geal (is fuath liom an iomarca roghanna - sin an fáth go gcuireann an contour palette ó blank canvas nó an sosu palette go mór asam!)
  3. Caithim foundation uachtarach agus cinnte is fearr uachtar a chuir ar uachtar - Geallaim daoibh tá sé i bhfad níos éasca iad a chuimilt isteach sa chraiceann!

Faigheann tú billeog shimplí le treoracha istigh leis an Stila Contour Palette freisin;

Ag Masterclass Mharissa thug sí  treoracha an-chosúil leo seo dúinn freisin ach bhí dhá dhifríocht shuntasach aici féin chun an contouring a dhéanamh.  Ní raibh mé in ann pictiúir a fháil ar an lá ach thóg mo ghrainghraifeadóir féin iad seo dom..Go raibh maith agat Aisling ;-)

1.  Bhí dhá thriantán don dath geal curtha faoi na súile mar chineál concealer agus highlighter.

2. Bhí an líne trasna na leicne déanta níos míne agus saghas ciorclach in ionad a bheith díreach.  Rinne sé seo ciall mar bhain sé an "harshness" mar a deir sí féin ón líne agus bhí sé éasca é a chuimilt isteach sa smidiú.

D'úsáid Marissa an smidiú ó FLORMAR níl a s'agam ar chuala sibh faoi? Tá mé ag fanacht le mo cheann theacht sa phost agus scaoilfidh mé isteach sibh ar an rún is fearr.............. Níl sé ach €11.95!!!!!

Tá súil agam go mbeidh sé seo ina chabhair daoibh.. agus ná dearmad má tá mise in ann triail a bhaint as an gcontouring, tá tusa freisin!! Ní haon saineolaí ar an ábhar seo mé ach bhain mé triáil as agus mé fós ag foghlaim!

Slán go fóill,  

Roseann 

-xxx-