Cultacha Oibre faoi €50

Hello a chairde, an gcreideann sibh go bhfuil muid ar ais ar scoil an tseachtain seo? Caithfidh mé a rá go bhfuilimse ar bís agus is fada liom go mbeidh mé ar ais sa seomra ranga! Is breá liom a bheith busy! Tá blag na seachtaine seo bunaithe ar na cultacha a chaithimse agus mé ar scoil. Tá 5 outfit éagsúil ann agus rinne mé iarracht iad a choinneáil faoi €50. 

Outfit 1: Is breá liomsa sciortaí agus is minic a chaithim sciortaí 5 lá na seachtaine. Ceapaim go bhfuil sé fíoréasca sciorta a chaitheamh má tá poloneck beag dubh nó bán agat, péire riteoga agus buataisí beaga dubha. (Mar eolas anseo, tá polonecks beaga áille le fáil faoi láthair istigh i bPenneys ar €6/8, anois an t-am iad a cheannach mar go mbeidh siad imithe arís agus tú ag comhardú) 

Is BREÁ liomsa an blouse beag bán seo thíos agus taitníonn an sciorta buí go mór liom freisin. Bheadh sé go hálainn le péire riteoga dubha, é sin ráite seans go mbeadh sé beagáinín gearr do dhaoine don obair mar sin bheadh an sciorta dubh thíos go hálainn leis freisin. Tá an blouse thíos le fáil ar www.forever21.com ar €16 agus an sciorta dubh ar an suíomh céanna ar €18. 

Cúpla sciorta eile thíos anseo a bheadh an-deas don scoil! Is féidir an ceann ar chlé a cheannacht i Newlook ar €39.99 agus an dá cheann eile ó RiverIsland ar €40.00. Tá sciortaí áille istigh i Newlook faoi láthair agus caithfidh mé a rá gurb é an siopa is fearr liomsa faoi láthair le haghaidh éadaí scoile! 

Outfit 2: Rud atá níos éasca ná sciorta ná gúna. Arís le riteoga dubha/dúghorma agus péire beag buataisí, sábhálfaidh sé an t-uafás ama duit ar maidin! Is breá liomsa na 'Shirt Dresses' atá ar fáil i Newlook faoi láthair. Tá an ceann ar dheis anseo thíos le fáil ar Newlook ag €39.99 agus an gúna  sa lár ar €14.99 agus an ceann ar dheis ar €24.99! Cén chaoi a bhféadfá iad a fhágáil i do dhiaidh!!!

Outfit 3: Caithfidh mé a rá go mbeinnse caillte gan mo chuid skinnys dubha! Ní chaithimid brístí géine i mo sheomra foirne agus cé go gceapaim uaireanta go bhfuil sé sin deacair, má táim ionraic faoi, is maith liom é , mar cinntíonn sé go bhfuil muid ag breathnú proifisiúnta i gcónaí. Aon uair a bhím i Zara piocaim suas péire eile acu agus ansin is fusa rud ar bith is mian leat a chur leo. Má bhíonn sibh istigh i bPenneys faoi láthair, tá blouses áille istigh ann. Cheannaigh mise an ceann seo thíos ar €9! Margadh iontach. Chaith mise mo cheann le skinnys dubha ach chonaic mé é ar dhuine eile le sciorta midi dubh agus bhí sé go hálainn uilig! 

Outfit 4: Thar na mblianta tá bailiúcháin séaicéid agamsa. Arís péire skinnys dubha agus top beag simplí agus voila tá culaith iontach glam agat! An t-am seo anuraidh fuair mé séaicéad álainn ar www.boohoo.com a bhíonn chuile dhuine ag cur ceiste orm faoi, mar sin arís i mbliana chuaigh mé ar ais sa tóir ar cheann nua agus tháinig mé trasna ar na cinn seo thíos. Tá siad ar fad le fáil ar an suíomh agus gach ceann faoi €20 seachas an ceann bán atá €34. 

Outfit 5: Déanaimse an iarracht is fearr ag cruinnithe na dtuismitheoirí (cosúil linn ar fad a mhúinteoirí :P ) mar sin fágaim na skinnys sa mbaile an lá sin. Seo sampla do chulaith dheas le brístí. Tá na brístí ar fáil ar www.asos.com ar 33.33, an poloneck ar 42.67 agus na bróga ar 

Má tá tú sa tóir ar chúpla 'essential' do do vardrús sula dtéann tú ar ais ag an scoil, is iad na rudaí a mholfainnse duit a fháil ná: 

1. Buataisí beaga dubha compordacha

2. Brístí géine dubha 

3. Cúpla barr dubh agus bán 

Ansin déan cinnte go ndéanfaidh tú mix and match leis na rudaí atá agat! 

Bhuel sin é uaimse a chairde! 

Slán go fóill

Gearóidín x