An bhfuil do mhála scoile réidh agat?

Hi a chairde, 

Ní bean mhór málaí mise agus is dócha gurb iad an t-aon rud nach mbíonn mórán suime agam iontu riamh! Ach i gcónaí nuair a bhím ag filleadh ar ais ar an scoil, ceannaím mála amháin a bhíonn agam don bhliain. Mar mhúinteoirí teastaíonn mála breá mór uainn mar go mbíonn lán charr asail do stuif thíos againn ann, idir leabhair, phinn, chiarsúir agus smideadh dár ndóigh.

Seo thíos cúpla mála atá feicithe agam a bheadh oiriúnach don scoil! 

1. Newlook: An Ceann ar dheis €34.99 agus an ceann ar chlé €29.99

2. River Island: Tá an dá cheann seo thíos €65, beagáinín costasach, ach maireann siad ar feadh píosa fada. 

3. Zara, tá na cinn seo €34.95 seachas an ceann dúghorm atá €15.95. 

4. Debenhams- Áit nach smaoiním ar riamh, ach chonaic mé málaí áille istigh ann le déanaí! Is ón mbranda Red Herring na cinn seo thíos. 

5. Kurt Geiger- Mo FAVOURITE!!!! Táim i ngrá leis an mbranda seo, go háirithe na bróga a bhíonn acu! Chonaic mé an mála álainn seo (Saffiano Soft London Tote) ach b'éigean dom é a chur ar ais mar go gcosnaíonn sé €225! Dochreidte, ach is breá liom an stíl! is féidir é a cheannacht ar www.kurtgeiger.com

Gearóidín x