Sladmhargaidh an tSamhraidh- Aisling Shásta!!!

Dia dhaoibh a Ghlams,

Cá mbeadh muid gan na sales?? Is aoibhinn liom nuair a chloisim an focal sale nó nuair a fheicim sales in áit éigin. Cuireann sé gliondar croí orm, cé nach mbíonn an cuntas bainc róshásta!!

Tá mé chun na rudaí a cheannaigh mé ar sale le coicís anuas a roinnt libh inniu..

An chéad rud a chonaic mé ná na Toms seo thíos. Thaitin an dath liom agus tá péíre agam cheana a fuair mé mar bhronntanas. Tá siad seo chomh compórdach agus téann siad go hálainn le péire skinny jeans. An rud is fearr fúthu ná go bhfuil siad deas éadrom agus téann cuid den airgead chuig muintir na hAifrice.

Ansin chuaigh mé ar Vavavoom agus cheannaigh mé an jumpsuit seo. Ní raibh sé seo ach €19!! Bhí mé cineál amhrasach faoi mar go raibh sé chomh saor ach nuair a tháinig sé.....WOW!!! Is aoibhinn liom é agus tá an saghas díreach ceart, níl sé róbheag ná rómhór!! Ceann de na rudaí is fearr a cheannaigh mé ar sale riamh agus ceann de na rudaí is mó a raibh mé sásta leis!1

Bhí mé i New Look an tseachtain seo caite agus cheannaigh mé cúpla rud dom fhéin. Bhí an seacéad dubhghorm seo ann agus é ar leathphraghas. Níor íoc mé air ach €15. Faighim an-deacair é bróga agus seacéid dhubhghorma a fháil agus nach mé a bhí sásta nuair a chonaic mé é seo!!! Tá seo go deas ort freisin le t-léine simplí taobh istigh! Níl róthrom ná ró-éadrom!

Cheannaigh mé an sciorta seo ó River Island an tseachtain seo caite freisin... An praghas a bhí ar seo ar dtús ná €45 agus fuair mé ar €9 é..Beidh sé go deas le riteoga dubhghorm agus top bán! Cén chaoi a bhféadfainn é a fhágáíl i mo dhiaidh??

Tá a fhios agaibh faoi seo go dtéím ag ranganna aclaíochta suas le ceithre uaire in aghaidh na seachtaine agus mar sin ní éadaí faiseanta amhaín a cheannaím. Bhí bríste giom nua ag teastaíl uaim agus cheannaigh mé na cinn seo ar JD Sports. Bhí said tagtha anuas go €35 ó €42. Níor tháinig siad seo go fóill ach táim cinnte go mbeidh siad compórdach.

So sin iad na rudaí a cheannaigh mé dom féin le coicís anuas..geallaim daoibh gur rudaí i gcomhair mo theach a bheidh sa chéad bhlag eile...Tá an t-uafás le ceannach agam don teach..ach tá sé i bhfad níos éasca éadaí a cheannach!!!! Cinnte anois sin é go mbeidh cúpla rud ceannaithe don teach agam!!

Grá mór

Aisling

xxxx