Masterclass Mharissa - Girlie day out foirfe agus fiúntach!!

Haigh a chairde, 

An Domhnach seo caite thug mé féin agus Síofra aghaidh ar Bhaile Átha Cliath.  Bhí muid lán le sceitimíní agus muid ag súil go mór castáil le Marissa Carter, an bhean dhíograsach sin taobh thiar de na táirgí Cocoa Brown.  Bean álainn, chineálta agus ionraic í Marissa agus mhothaigh mé go raibh cineál girl crush agam chomh luath is a chonaic mé í!  Bhí mé sásta an pictiúr seo a fháil leí…

Bhí meascán olmhór brandaí á phlé ar an lá agus seo hiad;

Nuair a shiúil muid isteach; ar an mbord bhí an cumhrán ó Brooke and Shoals, Dialann agus Peann ó The Dotty Lemon (A mhúinteoirí..féach ar an suíomh atá acu, tá na dialanna atá acu FAB!!!) Bhí roinnt dearbháin ar fáil freisin do Cara Pharmacy agus do EF Creative Studios i mBaile Átha Cliath.

DSC_0686.JPG

Tháinig Marissa amach ar dtús agus thug sí beagáinín cúlra dúinn ar a saol féin agus an bealach gur bhunaigh sí an comhlacht Cocoa Brown.  An gcreideann sibh nach bhfuil sí ach 32 bliain d’aois??

 

D’imigh an lá chomh tapaí agus d’fhoghlaim muid faoi tips and tricks áilleachta atá aici féin.  Tá mé chun labhairt faoin gcraiceann inniu agus déanfaidh mé blag go luath ar na tips a thug sí maidir le Contouring agus Tontouring beidh orm mo rose gold goddess a cheannach roimh réidh :) 

Ag tabhairt aire do do chraiceann 

Phléigh sí na warning signs a fhaigheann muid ón gcraiceann ar dtús agus go mbíonn cúis i gconaí le fadhbanna craicinn.  Mar shampla;

  • Ciorcail Dhubha faoi na súile, seo'd de bharr easpa fuil ocsaigíneach ag taisteal timpeall an choirp
  • Ciorcail Ghorma/chorcra faoi na súíle de bharr tuirse, strus.
  • Ciorcail Dhonna faoi na súile, is saghas pigmentation atá anseo de bharr an iomarca gréine

Mhol sí na brandaí Declaré, Yonka agus Dr Haushka don chraiceann (Tá mé fein ag úsáid Yon Ka le blianta agus is breá liom é.) 

Seo cuid de na táirgí ó na brandaí seo a fuair muid sna goody bags:

Ansin labhair sí faoi leibhéal an Elasticity sa chraiceann agus rinne sí tástáil ar thriúr bhean ó aois ghrúpaí difriúla. Bhí sé seo an-suimiúil níor thuig mé go raibh an oiread tionchair ag an mbealach a gcodlaíonn tú ar do chraiceann.  Bhí gach duine a rinne Lisa ó Declaré tástál orthu idir 60 agus 74% Elasticity.  Rinne Marissa an tástál ceanna agus bhí sise ag 99%!!!! Cén chaoi a deir tú? Úsáideann sí clúdach pilliúr atá déanta as síoda. Rinne mé roinnt taighde orthu seo agus is féidir iad a fháil i Homestore and more ar €15 an ceann.

Má tá tú ag iarraidh an elasticity a ardú i do chraiceann moltar táirgí le Hyaluronic Acid iontu. Oibríonn sé seo mar nuair a chuirtear ar an gcraiceann é coineann sí 1000 uair a mheáchan in uisce, nuair a luíonn sé isteach sa chraiceann.  Is féidir suas go €100 a íoc ar seo ach tá ceann ar fáil i gcogaslann Cara ar €43.  (D'ordaigh mé é seo cheana féin agus tabharfaidh mé roinnt aiseolais daoibh ar nuair a fhaighim é)

Tar éis sosa labhair Mark ó Benefit faoi na brows.  Bhí sé an-eolach agus is léir nach mbeidh mé ag fágáil an tí go brách arís gan mo mhalaí a chuir orm.  Labhair sé faoi tháirgí Benefit agus an ceann a úsáideann Marissa í féin ná;

Rinne Danielle an makeup artist a dhéanann na hócáidí ar fad le Marissa cuir i láthair simplí ar na súile ag úsáid an Absolute New York Palette a thug Marissa abhaile leí ó Vegas agus nach muid a bhí sásta go raibh siad sna goody bags.  Is féidir theacht ar an táirge seo in Éirinn freisin ach é a fháil ar líne.

 

Ar deireadh ba í Marissa a rinne cuir i láthair faoi contouring nó tontouring agus mar a dúirt mé scríofa mé blag iomlán faoi seo go luath. Bhí beagáinín díomá orainn ar an lá mar ní bhfuair muid na scuabanna agus an Rose Gold Godess ach fuair muid na táirgí nua seo ó Cocoa Brown!  

Fuair muid na táirgí eile seo freisin agus nach muid atá sásta leo :)

 

D’íoc muid €104 an ceann ar na ticéid agus b’fhiú go mór iad leis an méid eolais agus goodies a fuair muid! B’álainn an treat a bhí ann caithfidh mé a rá tar éis an tseachtain ghnóthach a bhí againn ag ullmhú don chóisir.  D’fhoghlaim muid an t-uafás agus tá súil agam go gcuideoidh na tips seo libh féin!

 

Slán go fóillín,

Roseann

-xxx-