Denim Denim Denim....

Bhuel Bhuel Bhuel a chairde, tá na seachtainí ag imeacht leo go tapaidh ach caithfidh mé a rá níl stop ar bith le mo chuid siopadóireachta!! Níl dabht ar bith ach go bhfuil fadhb agam agus an fhadhb is mó ná an grá atá agam do Denim.

Daoibh siúd a bhfuil aithne agaibh orm tá a fhios agaibh go gcaithim mo shaol i skinny jeans, tá chuile dath faoin spéir agam agus gach shade! Ach tá mé sásta anois go bhfuil níos mó denims ar fáil ní hamháin na brístí géine ach anois tá sciortaí, dungarees, brístí gearra, barranna, léinte, gúnaí, playsuits agus jumpsuits ar fáil freisin. Níl stop ar bith le réabhlóid faisin na denims mar sin tá mo top picks le feiceáil agaibh anseo. 

Caithfidh mé tosnú leis na essentials!!!

An seacéad denim;

Bhuel is cinnte nach dtéann an seacéad denim as faisean.  Is go raibh ceann againn uilig agus muid ag fás aníos agus b'fhada linn ag an am go mbeadh siad imithe as Faisean ach ní mar sin a bhí. Tháinig siad arais i bhfaisean trí bliana ó shin agus fanfaidh siad ann. Cheannaigh mé mo cheann féin i bPenneys ag an am agus caithim é chuile shamhradh ó shin.  

Seo ceann cosúil leis atá ar fáil i H & M ar €39.99

Brístí denim:

Tá gach duine difriúil i dtaobh caighdeán denims. Is breá liomsa na cinn atá high waisted agus a chlúdaíonn an boilgín anois is arís ;) Tá mé i ngrá le denims Zara agus River island ach ní cheannóinn iad go brách ar líne, is breá liom iad a thriail orm agus déanamh cinnte go bhfuil an fit go deas.  Seo cuid de na denims is déanaí atá agam i mo chófra..

 

Ní théim ró dhaor leis na denims ach an oiread agus is breá liom na cinn super stretch ó Penneys go mór mór na cinn dubha mar imíonn an dath dubh go héasca ar aon nós.  Tá siad iontach agus gan iad ach €13!! 

 

An léine denim:

Mar mhúinteoir mothaíom cineál gléasta suas nuair a bhíonn léine orm níl mé ró chinnte an bhfuil sé ceart a rá go bhfuil mé gléasta le léine denim ach ceapaim féin go bhfuilim sin an rud is tábhachtaí!

 

Is breá liom na léinte boga denim atá ar fáil faoi láthair i Zara agus River Island agus cuid acu sa SALE freisin!!

Ní féidir labhairt faoin léine denim gan na Collars nua seo ó Penneys a chuir isteach! Céard a cheapann sibh?? Táimse i ngrá leo!!!

Seo cuid de na píosaí denim eile atá ceannaithe agam féin le déanaí:

Barr Denim ó Zara b'fhéidir go bhfaca sibh é seo ar Rosie Connolly le déanaí, seo é an t-aon phictiúir atá buíochas do mo Mham!

 

 

 

Sciorta Pencil Denim ó New Look is féidir é seo a ghléasadh suas nó a ghléasadh síos.  Tá an fabric sa cheann seo super stretchy agus mar sin an-chompórdach!!

image4xxl.jpg

Agus an rud is déanaí a cheannaigh mé ná an pinafore denim seo. Níl sé ró-oiriúnach d'aimsir na hÉireann faoi láthair ach táim ag súil é a chaitheamh sa Spáinn an tseachtain seo chugainn!! 

Má tá suim agaibh i ndenim a chairde tá an t-uafás amuigh ansin faoi láthair!! 

Cuir snaps chugam ar gaeilgeleglam má fheiceann sibh aon rud deas sna siopaí!! Leithscéal ar bith roinnt siopadóireachta a dhéanamh!

 

Slán tamaill a chairde, 

Grá mór,

Roseann

-xxx-