Mo liosta siopadóireachta do mhí Iúil.....

Haigh Glams,

Tá mé ar ais arís théis cúpla lá a chaitheamh in Edinburgh, bhí sé go deas sos a fháil agus mo scíth a ligean. Cathair álainn í Edinburgh, ní raibh mé inti riamh cheana agus ní bheadh drogall orm dul ar ais arís. Tagann ionsparáid an bhlag seo ó Edinburgh. Bhí sales chuile áit beo agus ní raibh sé i gceist agam mórán siopadóireachta a dhéanamh ach mo léin rinne. Ní raibh agam ach 'hand luggage'. Sa bhlag seo beidh roinnt de na táirgí agus cuid den fhaisean nach raibh mé in ann a fháil thall á roinnt agam libh.

desk-notebook-office-grey.jpg

1.Bróga MISS KG ó Kurt Geiger

Seo hiad an chéad rud ar mo liosta. Chonaic mé thall san aerfort iad agus is fíor é nuair a deir siad 'love at first sight' mar sin go díreach a bhí ann. An rud is measa ná go raibh siad ar sale. Smaoingh mé air agus ní fhéadfainn iad a bheith faighte agam mar go raibh péire bróga ceannaithe i Zara agam an lá roimhe.

july 3.jpg

2.Mála Michael Kors

Cé nach dteastaíonn sé seo uaim mar go bhfuil mo dhóthain acu agam, fós tá an dath go hálainn agus feiliúnach don samhradh. Ó bhí mé i Meiriceá go deirneach (2013) níor cheannaigh mé fhéin aon mhála Michael Kors mar gheall ar an gcostas a bhaineann leo, é sin raite bím i gcónaí ag faire amach dóibh. Bheadh sé seo feiliúnach le n-úsáíd ó lá go lá.

 

 3. Gúna Karen Millen

Cé nach bhfuil aon ócáid ar leith ag teacht aníos agam go ceann míosa, thug mé cuairt ar an siopa seo ar aon nós. Agus mé ag siúl isteach an doras, chonaic mé é seo agus cheap mé go raibh sé go hálainn.Níl aon ghúna agam ó Karen Millen agus thaitin sé seo liom agus níl a fhios agam i ndáiríre cén fáth. Agus ní dhéanann an pictiúr mórán maitheasa dó, chaithfeá é a fheiceáil!!

 4. Fáínne Pandora

Tá fáínne amháin Pandora agam agus is aoibhinn liom é. Seo é an chéad rud eile a chennóidh mé dom féin mar 'treat'. Thriáíl mé orm é seo sa siopa ach dúirt mé go bhfanfainn go mbeinn sa bhaile agus tacaíocht a thabhairt don siopa i nGaillimh, mar cinnte roimh dheireadh na seachtaine beidh sé seo agam!!!!

5.Péire bróga EILE ó Zara

Ní magadh atá mé nuair a deirim nach bhfaca mé aon sale chomh maith agus chomh mór riamh agus a chonaic mé i Zara in Edinburgh. Chaith mé thart ar thrí huaire sa siopa agus is ann a cheannaigh mé an chuid is mó de na héadaí a bhí agam ag teacht abhaile. Cheannaigh mé péire bríste géine, bríste eile patterned, sé top agus péire bróga. Ach bhí bróga ann a raibh me ag iarraidh (féach thíos) ach faraor ní raibh mo shaghas fágtha. Tá na cinn chéanna ag Gearóidín agus deir sí go bhfuil siad compórdach.

6. Bróga Reatha Juvenate ó Nike

Agus an rud deirneach ar mo liosta anocht ná na bróga reatha seo. Tá siad agam i nglas ach ní rogha maith a bhí anseo mar ní théann an dath sin le chuile shórt. Mar sin tá siad seo ar mo liosta agus tá súil agam nach mbeidh sé i bhfad go mbeidh siad agam. Gheobhaidh mé an dath bán mar go dtéann chuile shórt le bán.

Bhuel sin é anois é, sin iad na rudaí atá ar mo liosta siopadóireachta de bharr an ama a chaith mé in Edinburgh, Mholfainn do dhuine ar bith dul anonn, d'fhan muid in Air B & B agus bhí sé an-lárnach. Thug muid cuairt ar chaisleán Edinburgh freisin, ní raibh an t-am againn cuairt a thabhairt ar na Dungeons(an chéad uair eile)

Tá súil agam gur thug mé ábhar deas léítheoireachta daoibh.

le grá

Aisling

xxx