Daniel Wellington- Beilteanna ar €2

Dia dhaoibh a chairde! Tá mé tar éis teacht trasna ar gem beag agus bhí mé ag iarraidh é a roinnt libh. 

So....cheannaigh mo bhuachaill cara an t-uaireadóir Daniel Wellington dom don Nollag- mé féin agus leath do mhná na hÉireann, is dócha go raibh muid ar fad sa mbád céanna! Táim i ngrá leis mar uaireadóir, tá sé simplí, claisiceach agus bhí mé ina dhiaidh le fada an lá! Cheannaigh sé an ceann airgid dom le snaithid ghorm ann agus beilt tan. Is breá liom é agus caithim é beagnach chuile lá beo! 

É sin ráite, caithim an t-uafás dubh. Is breá liom dubh agus is dócha go bhfuil ar a laghad leath do mo chuid éadaí dubh. Mar sin bhí mé ag iarraidh an bheilt dubh a cheannacht don uaireadóir. 

Cheap mé go mbeadh sé an-deas le mo chuid éadaí. Bhreathnaigh mé thart agus bhí siad réasúnta costasach, go háirithe tar éis praghas an uaireadóir féin (cé nach mé féin a d'íoc as). 

Chuala mé ansin faoin suíomh seo 'www.aliexpress.com'. 

Chuaigh mé ar agus chuardaigh mé beilteanna an uaireadóir seo. Anois caithfidh mé a rá go raibh mé amhrasach faoin suíomh é féin mar go raibh rudaí ann ar phraghas an-íseal. Ní comhartha maith é sin go hiondúil agus is ón tSín a thagann formhór an stuif. 

Ach mar is gnáth nuair a bhím ag siopadóireacht ar líne rinne mé cúpla 'click' agus chuir mé cúpla rud i mo chiseán (agus mé ag rá liom féin nach gceannóinn iad). Chuir mé an bheilt leathair dubh, an bheilt éadaí dúghorm agus bán, an bheilt dúghorm agus glas agus an bheilt dúghorm agus bándearg sa gciseán. Tháinig an praghas go dtí €6.78 ina iomlán (costas an phosta san áireamh). Difríocht mhór idir é agus an €30 ar an gceann éadaí agus €60 ar an gceann leathair mar a bhí feicithe agam i nGaillimh. 

Chuaigh mé sa seans agus cheannaigh mé iad. Ní raibh ann ach níos lú ná 10 i mo chloigeann agus dá gcaillfinn é ar a laghad ní bheadh mórán caillte agam. Nuair a bhí mé ag íoc, d'íoc mé le mo chárta creidmheasa. Anois fuair mé téacs ó AIB ag cur ceiste orm an raibh an t-íocaíocht seo ceadaithe agam....ba cheart do alarm bells a bheith ag dul dhó ach ní raibh. 

Rinne mé dearmad ar na beilteanna mar go raibh mé in fhad ag fanacht, ach tar éis míosa tháinig siad i bpacáiste beag ó Malaysia. An cheithre cinn acu agus iad díreach ar nós an ceann atá agam. Caithfidh mé a admháil ní raibh mé ag súil leo a bheith chomh foirfe ach tá siad. 

Seo thíos pictiúir dóibh agus má leanann sibh muid ar Snapchat agus Instagram cuirfidh mé suas pictiúir dóibh níos déanaí. 

Tuigim nach bhfuil an suíomh seo 100% agus seans nach bhfuil gach rud le trust uaidh ach tá mise an-sásta agus an-sásta leis an airgead a shábháil mé freisin. 

Gearóidín xx