An Glycolic Acid Peel

Dia dhaoibh a chairde,

Cén chaoi a bhfuil cúrsaí libh? Táim ar ais inniu chun labhairt libh faoi na Face Peels a fuair mé in The Beauty Quarters in Óran Mór. Ag tús an tsamhraidh bhí Melissa agus na girls ag ceiliúradh trí bliana ar an bhfód agus bhí sladmhargadh ar siúl acu ar thairgí áilleachta sa salon. Thapaigh mé an deis anseo agus cheannaigh mé trí face peel ar €200. Feicfidh sibh pictiúr díom roimh an peel a fháil agus ansin cinn eile théis dhá peel.

Go dtí seo tá péíre faighte agam agus mé ag fáil ceann eile Dé Máirt seo chugainn. Tá mé chun beagán eolais a roinnt libh inniu fúthu. Tá sé díreach mar a deir siad, face peel. sé sijn go mbaineann siad sraith iomlán craicinn díot agus go bhfuil tú fágtha le níos lú línte agus craiceann níos beomhaire, níos míne agus is dóigh níos deise.

Dúradh liom an Janmarini cleanser a úsáid sular bhfuair mé an peel agus is saghas ullmhúcháin a bhí anseo don peel. cheannaigh mé an cleanser sa siopa agus ní úsáídeann tú ach oiread na fríde de agus mar sin is dóigh go mairfidh sé cúpla bliain mhaith.

An Modh:

  1. Baintear díot aon smidiú atá ort ar dtús dár ndóigh agus glantar d'aghaidh.
  2. Ansin nuair atá do chraiceann glan cuirtear an peel áigéadach ort. Bi súil le saghas tochas agus tingle ar d'aghaidh agus maireann sé seo thart ar noiméad amháin. Nuair a cuireadh ormsa é cheap mé go raibh  mo chraiceann ag dó ach taobh istigh de dhaichead soicind bhí sé togha arís.
  3. Fágfar ar d'aghaidh é ansin ar feadh tamaill, ag brath ar do chraiceann. Fágadh ormsa ar feadh chúig nóiméad é. Má théann do chraiceann beagán dearg, ná bí buartha, tá sé seo nadúrtha (Breathnaigh ar chomh dearg is a bhí mo cheannsa thíos)
  4. Má fhaigheann do chraiceann tirim nó flaky. ná bí buartha, is gnáthrud é seo.

Seo pictiúr de mo chraiceann théis an dara peel, féach ar chomh dearg is atá sé(seo comhartha an-mahith)

Bhuel a chairde sin é mo thaithí ar an Glycolic Acid Peel. Téann mo chuid smidiú orm i bhfad níos éasca anois agus breathnaíonn sé níos deise orm. An rud is tabahchtaí le déanamh anois dar le Melissa ná déanamh cinnte go n-úsáidim SPF gach uile lá, ní gá go mbeadh an ghrian amuigh- ba cheart SPF a chaitheamh 7 lá na seachtaine 365 lá na bliana. Feicfidh sibh thíos an ceann atá in úsáíd agamsa (úsáideann Marissa Carter é freisin!!)

 

Tá mé ag súil go mór leis an gcéad cheann eile ar an Máirt le cúnamh Dé. Is fiú go mór aire a thabhairt dár gcraiceann!!

Slán tamaill

Grá

Aisling

xxxxx