Caidreamh, Grá agus Pósadh.....

Dia Dhaoibh a Ghlams, 

Ceann de na cinnithe is mó a dhéanann aon bhean agus fear ina saoil ná duine a phósadh agus is dhá bhliain ó rinne mé féin an cinneadh úd sin, grá mo chroí a phósadh.  An gcreidfeadh sibh nach raibh an t-úafás sin suime agam in eagrúcháin na bainise is mór a fiú go raibh sé féin ann chun tacú liom! Sa bhlag seo tá mé chun roinnt rudaí ón lá speisialta a bhí ag féin a roinnt libh;

Ar an 25ú Iúíl 2014 a phós muid ceann de na laethanta ba teocha den samhraidh ag 27oC!!

An chéad rud a bhí le déanamh nuair a bhí dáta socraithe againn ná an séipéal, an t-óstán agus an rud is tábhactaí uilig ná an ceol a eagrú.

An t-Óstán

Shocraigh muid pósadh i mo shéipéal áitiúil agus ansin bhí orainn cinneadh a dhéanamh idir an Clayton agus Óstán Bhóthar na Trá.  Roghnaigh muid Óstán bhóthar na trá ar deireadh, mhothaigh muid go raibh an t-óstán seo oiriúnach dúinne, bhí sé gar don trá agus ní raibh orainn dul trasna na cathrach go mór mhór agus seachtain na rásaí réidh le tosnú! Bhí seomra na bainise go hálainn, bhí sé mór, glan agus bhí na soilese go hálainn.  Thug Pauline Ní Ghríofa agus an fhoireann ar fad an-aire agus cúnamh dúinn nuair a bhí muid ann!

Ceol

Bhí an ceol ina chuid lárnach don bhainis.  Sa seipéal bhí amhránaí, concertina, bosca ceoil, an fheadóg stáin agus an méarchlár le neart ceol idir na píosaí traidisiúnta agus amhrán Ghaeilge agus Béarla.  Ag an gceiliúradh bhí Cillín banna ceoil áitiúil againn agus amhráin den scoth acu idir amhráin Ghaeilge agus ceoltíre, chuala muid neart Garth Brooks ar an oíche (rud a bhí tábhactach agus muid théis an scéal a fháil go raibh na ceolchoirmeacha ar fad curtha ar ceal), bhí neart jiváil agus waltzáil le feiceáil! Bhí an banna ceol Oddity ar an stáitse ina dhiaidh sin le dance off idir na leaids agus na cailíní agus bhí muid ar an stáitse muid fhéin mar a fheiceann sibh anseo;

An first dance;

Thóg sé míonna an t-amhrán seo a roghnú shocraigh muid ar deireadh an t-amhrán “Your Everything” le Keith Urban a úsáid.  An-Románsúil go deo!!

Téama

Bhí an ceol mar théama againn agus bhí amhrán Gaeilge mar ainm ar gach bord! Ní raibh sé éasca iad seo a dhéanamh ach chuir siad go mór leis na boird, fuair muid na sean vinyl records ar done deal agus bhí siad foirfe!!!

An Gúna

An gúna.. céard is féidir liom a rá faoi seo ar bhealach amháin is torture a bhí ann domsa agus cuid de na gúnaí chomh trom le dhá mhála fataí! É sin ráite is mé a bhí sásta nuair a bhí sé faighte agam. Thug mé cuairt ar chúig shiopa in iomlán, Belladonna, Tracey Bridals, Wedding World, Thistles agus Kadee in Áth Luain. Rud amháin a thug na siopaí ar fad dom ná thug siad le fios dom céard nach raibh mé ag iarraidh.  Ar deireadh tar éis turais a thabhairt ar Tracey Bridals don dara uair, phioc mam amach gúna Justin Alexander, ní raibh mórán ag baint leis bhí sé an-simplí, ach chuir mé or mar aon nós é  chun í a shásamh agus mar a deir sí fein "bíonn an ceart ag Mama i gcónaí"!  Chuir mé seacéad beag leis agus beilt leis chun é a jazzáil suas mar a fheiceann sibh agus bhain mé díom an seacéad beag níos déanaí an oíche sin.

10438536_880028502025985_41193169071027443_n.jpg

An Cáca, na Bláthanna, an Smidiú agus an Ghruaig;

Bhí buiséad agam do na rudaí seo ar fad agus chloí mé leo.  Mar múinteoir tíos bhí mé ag iarraidh mo cháca féin a dhéanamh ach fuair mé réidh leis an smaoineamh sin ar deireadh agus shocraigh muid ar an gcáca seo;

 

Fuair muid na bláthanna áille agus na lanterns don séipéal ó shiopa bláthanna Tigh Mhistéil ar an gCeathrú Rua.  Seirbhís den scoth, níor chuir an teas ar an lá as do na bláthanna áille ach an oiread.

Ba í Aisling ó Mac i nGaillimh a rinne an smidiú, bhí mé an-sásta leis ach ag breathnú siar ta seans go ndéanfainn beagáinín níos mó taighde ar seo mar bhí duine eile curtha in áirithe agam ar dtús ach ní raibh sí in ann é a dhéanamh agus chuir sí sonraí Aisling chugam agus ní raibh an dara rogha agam. Ba í Elaine ó Rebelle agus na cailíní ó Athrú a rinne na hup-dos ar an lá! Bhí siad go hálainn ar fad agus mholfainn go hard iad!

 DIY

Cá mbeadh muid gan beagáinín DIY.  Shocraigh muid na cuirí bainise a dhéanamh muid féin.  Ag breathnú siar d’fhéadfadh stíl an chárta a bheith níos simplí ach ba leithscéal maith a bhí anseo an chlann agus cairde a thabhairt le chéile ;)

Rinne muid candy plants freisin le cur ar gach bord.  Shocraigh muid iad a dhéanamh le chocolate éclairs de bharr go raibh dath na ngúnaí a bhí ar na bridemaids cosúil leis an dath corcra atá ar na milseáin! Thaitin siad seo le gach duine mar ní raibh oiread is ceann fágtha an lá dar gcionn as 50 bosca!!!

Bhuel d’fhéadfainn leanacht orm ag scríobh faoin lá úd sin agus caithfidh mé a rá go bhfuil mé in éad le Síofra agus í ag teannadh níos gaire don lá mór sin!

An moladh is mó atá agam daoibh ná bainigí taitneamh as an lá, cloí le do bhuiséad féin (Tá sé éasca titim faoi dhraíocht na bainise agus an réalaíochas a chailleadh).  Níl dabht ar bí ach go bhfuil rudaí nach raibh foirfe ar an lá a bhí agamsa ach dá mbeinn á dhéanamh arís ní athróinn rud ar bith!

Sin é uaimse go fóill,

Grá mór,

Roseann

-xxxxx-