Rí na Mara- Táirgí de dhéantús na Gaillimhe

Dia dhaoibh a chairde, cén chaoi a bhfuil sibh? Táim díreach tar éis 6 seachtaine oibre a chríochnú le Coláiste Uí Chadhain agus ag súil go mór le sos an tsamhraidh anois. 

Táim ar ais inniu chun eolas a thabhairt daoibh ar tháirgí Rí na Mara. Bhí an t-ádh liom féin agus na cailíní gur casadh Deirdre ó Rí na Mara orainn ag ócáid Ghradaim an Oireachtais. Sheol sí roinnt dá cuid táirgí áille chugainn, cúpla seachtain ó shin agus níl aon dabht faoi ach go bhfuil muid ar fad i ngrá leo. Ní hamháin gur táirgí iad atá déanta i nGaillimh ach tá boladh álainn orthu agus shílfeá gur boladh na farraige é. Tá 3 cinn ach go háirithe thíos anseo. 

1. An Face Mask €14.95

Seo é an chéad táirge a bhain mé triail as. Tá mo chraiceann an-tirim agus ní minic a fhaighim táirge a oireann do mo chraiceann. Tá an t-uafás masks triailte agam agus chuile uair a cheannaím ceann nuair a bhainim úsáid as, briseann mo chraiceann amach i spotaí. Tá an ceann seo an-éasca le cur ort áfach, nuair a thagann sé amach as an mbuidéal tá sé ar nós cream agus ansin cuireann tú ort é agus téann sé crua faoi cheann cúpla nóiméad. Braitheann tú do chraiceann ag fáil 'tight' faoi cheann písín agus ansin fágann tú ort é ar feadh cúpla nóiméad. Tá boladh chomh nádúrtha uaidh, go leor táirgí eile aireoidh tú boladh an bhuidéil uathu nó boladh le ceimiceáin nó perfume, ní mar a chéile é seo ar chor ar bith. Nuair a ghlanann tú díot é ansin, fágann sé do chraiceann bog agus fíorghlan. 

2. An Moisturiser €22.50

Arís táirge álainn eile le boladh iontach! Tá an t-uachtar é féin beagáinín saibhir agus mar sin táimse á úsáid sula dtéim a chodladh san oíche. Caithfidh mé a rá go mbím ag súil le mo smideadh a bhaint díom chuile oíche le go mbeidh mé in ann é a chur orm! Agus aon duine a bhfuil aithne acu orm, tuigfidh siad nach minic gur maith liom a bheith ag baint díom mo chuid smideadh!!! Táimse á úsáid anois le thart ar mhí agus níl aon dabht faoi ach go bhfuil feabhas mór tagtha ar an gcraiceann tirim atá agam. 

3. An Lotion 14.95

Tá Síofra agus Roseann ag baint úsáide as seo agus deir siad liom gurb é an ceann is fearr a d'úsáid siad le fada. Tá sé go hálainn ar do chraiceann. Táimse chun é a fháil mar má tá sé tada cosúil leis an dá tháirge thuas, níl aon dabht faoi ach go mbeidh sé go hálainn. 

Ní dóigh liom go bhfuil aon rud níos fearr ná táirgí ar ard chaighdeán a fháil agus déanann sé deich n-uaire níos fearr é nuair is táirgí Éireannacha iad sin. Is táirgí iad seo ó Ghaillimh agus mar sin dar liomsa tá siad níos speisialta arís. Is cinnte gur féidir boladh álainn feamainne agus boladh na Gaillimhe a fháil i mbuideál beag de chuid na dtáirgí seo. 

Má tá spéis agaibh sna táirgí seo is féidir iad a cheannach ar rinamara.com 

Gearóidín