Wedges an tSamhraidh

Dia dhaoibh a chairde! Wow nár imigh an bhliain scoile sin sciobtha!!!! Tá an samhradh buailte linn agus tá sé in am na wedges a tharraingt amach as an gcófra nó....mar a dhéanaimse níos, mó a cheannacht! 

Tá cúpla péire thíos anseo atá ceannaithe agam nó atá mo shúil agam orthu! Tá súil agam go dtaitneoidh siad libh!  

Is iad an chéad phéire ná cinn a cheannaigh mé ó Newlook ar 39.99. Tá mé i ngrá leo agus bhí na múinteoirí i mo scoil i ngrá leo freisin. Cheannaigh triúr eile ón bhfoireann múinteoireachta iad. Cheannaigh mise na cinn Khaki ach tá siad ann i ndubh freisin. 

Ar fáil i Newlook

Ar fáil i Newlook

Péire eile a cheannaigh mé le gairid agus i ndáiríre ní raibh siad ag teastáil uaim ach ní bhím in ann deal maith a sheachaint go háirithe nuair is bróga atá i gceist. Cheannaigh mé iad seo i TKMaxx agus d'ioc mé 29.99 orthu. 

Fuair mé na cinn seo thíos i Newlook freisin. Caithfidh mé a rá chuile shamhraidh is é Newlook an chéad shiopa a théim chuige ag lorg wedges. Ní bhrisfidh siad an banc agus bíonn siad an-chompordach! 

Caithfidh mé a rá má tá tú chun infheistíocht a dhéanamh i bpéire amháin wedges cheannóinn wedges donna. Téann siad le chuile rud agus tá neart cinn deasa le fáil. Seo thíos roinnt samplaí dóibh: 

http://www.zara.com/ie/en/woman/shoes/view-all/wedges-with-instep-strap-c719531p3307522.html

Seo cúpla sampla do bhróga le dath! Is breá liomsa dath i mo chuid bróga, rud a thuigeann sibh faoin am seo, táim cinnte! Uaireanta ní gá duit ach éadaí simplí a chaitheamh agus bróga deasa agus déanann sé difríocht aisteach do do chulaith! Breathnaigh ar na bróga seo thíos! WOW!!

Sin é uaimse a chairde! Tá súil agam go dtaitníonn na bróga thuas libh! Seol snaps chugainn do bhur gcuid bróga! 

 

Gearóidín x