Cultacha Bainse

Dia dhaoibh a chairde, tá súil agam go bhfuil sibh ar fad go maith. Tá mo bhlag an tseachtain seo bunaithe ar chultacha bainse. Má leanann sibh muid ar snapchat, tuigfidh sibh go bhfuil go leor bainseacha againn eadrainn ar fad i mbliana. Ní maith liomsa ag cuardach éadaí le caitheamh chuig bainseacha, caithfidh mé a rá go bhfaighim an-stressed agus ansin ar an lá, i gcónaí, bím i mo shuí sa séipéal ag rá liom féin, cén fáth a raibh mé trína chéile! Ar aon nós seo thíos cuid de na gúnaí atá caite agam go dtí seo i mbliana x

1. Gúna 8th Sign a cheannaigh mé ar Littlewoods Ireland agus bróga ó Aldo. 

Tá sé díolta amach ar Littlewoods ach tá sé le fáil ar an suíomh é féin agus é anois ar leathphraghas. 

Tá sé díolta amach ar Littlewoods ach tá sé le fáil ar an suíomh é féin agus é anois ar leathphraghas. 

2. Gúna ó Karen Millen a cheannaigh mé i mBrown Thomas agus bróga ó Asos, agus fáinní cluasa ó www.bettyandbiddy.com

3. Sciorta a cheannaigh mé anuraidh i Coast agus top a fuair mé i Swamp agus mo bhróga ó Kurt Geiger atá agam ó anuraidh freisin. 

 Bhuel sin é uaimse a chairde! Tá súil agam gur bhain sibh taitneamh as sin, 

Gearóidín xxx