Omelette... lón simplí agus blasta.

Dia dhaoibh Glams, 

Bhuel tá sé gnóthach na laethanta seo agus muid ag obair ar chúrsaí samhraidh.  Ní bhíonn mórán ama agam don chócaireacht ach déanaim iarracht rudaí simplí a dhéanamh i gcónaí chun droch nósanna itheacháin a sheachaint. 

Tá sé píosa ó scríobh mé blag faoi oideas, mar sin tá mé arais i mo chomfort zone arís agus mé ag roinnt an oidis seo libh, ceann simpl agus cothaitheach.

Ithim uibheacha beagnach chuile lá agus is éasca an rud é uibheagán don lón nó don dinnéar!

Uibheagán Glasraí agus Liamhás

Oideas

4 Ubh

100ml Bainne

1 clóbh Gairleog 

4 Slisín liamhás

50g Cáis

1/2 Piobar Dearg agus 1/2 Piobar Glas

1/2 Courgette

2 tráta

Nóta: Is féidir do rogha glasraí eile a chur ann freisin.

 

Modh

  1. Cas ar an ngrioscán
  2. Ullmhaigh na glasraí ar fad, gearr iad i gcodanna ar nós iad seo
  3. Gearr an liamhás i gcodanna beaga freisin
  4. Cuir beagán ola Coconut sa friochtán 
  5. Cuir leis an gairleoig
  6. Cuir na glasraí ar fad sa bhfriochtán 
  7. Fág iad ag cócaireacht nó go bhfuil siad bog.
  8. Measc an bainne agus uibheacha le chéile i gcrúsca tomhais
  9. Dóirt an meascán uibheacha agus bainne ar bharr na nglasraí agus fág ag cócaireacht ar feadh cúpla nóiméad iad.
  10. Cuir an cáis ar a bharr
  11. Cuir an friochtán isteach faoin ngrioscán agus fág ar feadh 10 nóiméad nó go bhfuil cócaireacht iomlán déanta air agus tá sé donn agus órga ar bharr.

 

Tá súil agam go mbainfidh sibh triail as an oideas simplí seo! Ná déan dearmad roinnt snaps a chuir chugainn ar gaeilgeleglam.

 

Slán tamaill, 

Roseann 

-xxxx-

 

 

 

Write here...