Roinnt smaointe daoibh le haghaidh lá na n-athar ar an Domhnach!

Hello a ghlams áille,

Cén chaoi a bhfuil sibh ag déanamh amach? Tá saoire ón scoil againn anois agus beagnach coicís oibre déanta leis na coláistí samhraidh, bfhearr liom dá moillfeadh an t-am síos beagán!!

Ar aon nós tá lá mór an Domhnach beag seo, lá na n-athar dár ndóigh agus cá mbeadh muid gan na Daddys? Mar sin cheap mé go raibh blag tuilte acu.. bhuel blag daoibhse a chaiíní agus a mhná, blag le smaointe faoi céard le ceannach dóibh, tá dhá lá fós agaibh!!!

An chéad rud ar an liosta inniu ná an Nespresso Machine seo. Tá a fhios againn uilig go n-oibríonn athaireacha an-dian agus bheadh sé seo seo go deas, go háirithe dóibh siúd ar maith leo caifé. Tá sé seo le fáil ar shuíomh idirlín Debenhams ar phraghas €249. Is infheistíocht atá ann agus é an-áisiúil i saol an lae inniu agus é chomh gnóthach.

325004907297.jpg

 

Nach deas iad na Toms. Cheapfainn nuair a tháinig siad amach ar dtús gur mó mná a bhí á gcaitheamh, ach anois fecitear go leor buachaillí agus fir á gcaitheamh agus má cheapann tú go gcaithfeadh d'athair tá siad le fáil ar Schuh agus go leor eile. Tá dathanna éagsúla acu le fáil freisin.

B'fhéidir nach fear mór bróga é Dad agus murar ea, seans go dtaitneodh geansaí nó rud éigin mar sin leis. Tá an-rogha stíle agus dathanna ar an suíomh Jack and Jones agus táim cinnte go mbeidh ceann air a fheillfidh d'athair. Roghnaigh mise an ceann thíos mar tá sé simplí agus dath é atá éasca cur le chuile dhath.

Má tá bhur n-athair cosúil le m'athair ní chaithfeadh sé Toms dá n-íocfaí é agus mar sin b'fhéidir go bhfeillfeadh na Timberlands seo d'athaireacha atá níos tradisiúnta. Arís is dath an-choitianta é donn do na fir atá beagán níos sine.

Má tá tú go hiomlán i bponc agus nach bhfuil cliú agat céard le fáil do d'athair, bí sábháilte agus ceannaigh aftershave dóibh. An ceann is coitianta faoi láthair ná An Paco Rabanne Million. Níos fearr ná sin fiú, tá sé le fáil ar phraghas speisialta faoi láthair ar Boots.ie. Déanaigí deifir mar is cinnte nach mairfidh siad i bhfad. Má tá sé tada cosúil le ceann na mná beidh na fir ag dul thart le boladh breá uathu!!!

Agus ar deireadh thiar thall tá na good old reliables, léine. Arís tá na mílte cineálacha acu seo le fáil, agus iad i ngach dath a d'fhéadfá smaoineamh air. Phioc mé dhá léine ó Tommy Hilfiger agus is cinn iad a thaitin liom féin.

Tommy-Hilfiger-Men-Long-Sleeve-Button-Down-Plaid-Custom-Fit-Shirt-Blue-Navy.jpg

Bhuel tá súil agam gur thug an blag sin cúpla smaoineamh daoibh faoi céard le ceannach do na Daddys. Faraor tá cuid agaibh nach bhfuil  bhur n-athair libh níos mó agus mar sin má tá d'athair fós i do shaol déan cinnte go dtaispeánann tú dó cé chomh bródúil agus buíoch atá tú as.

Slán tamall,

Aisling 

xxx