Faisean an tSamhraidh - An "Shirt Dress"

Haigh Glams, 

Nach mé atá sásta a bheith arais ag scríobh an blag seo agus níos fearr fós seo é an chéad bhlag atá á scríobh agam ar ár suíomh nua! Tá súil agam do dtaitníonn sé libh!!

Níl aon ábhar níos fearr le scríobh faoi ná faisean!! Don bhlag seo is é an "Shirt Dress" atá mé ag scríobh faoi.  Anois agus muid ag druidim i dtreo laethanta saoire an tsamhraidh is breá liom a bheith ullmhaithe agus compórdach i mo chuid éadaí.  

B'fhéidir go bhfaca sibh an gúna a chaith mé ag céad chomaoineach mo neach coicís ó shin. Bhí m'intinn déanta suas agam faoin stíl a bhí mé ag iarraidh a chaitheamh agus ní raibh le déanamh agam ina dhiaidh sin ach an "Shirt dress" is foirfe domsa a cheannach.  Ní raibh uaim ach a bheith compórdach ach gléasta suas ag an am céanna agus muid ag caitheamh an lá ag ceiliúradh!

Fad is a bhí mé ar thóir mo ghúna tháinig mé trasna ar neart gúnaí éagsúla! Anseo tá an cúig cinn is deise a tháinig mé trasna orthu agus mé ag surfáil na hidirlíne.

Tá an ceann seo ar fáil ar iclothing.ie an siopa faisin a bhíonn ag Ireland am.  Is feidir do phacáiste a fháil an lá dár gcionn ón suíomh seo; tá sé seo an-áisiúil daoibh siúd a fhágann rudaí go dtí an nóiméad deireanach nós mé féin. €60 a d'íoc mé ar an ngúna seo agus tá sé chomh compórdach.

http://www.iclothing.com/lola-zig-zag-shirt-dress-in-coral

http://www.iclothing.com/lola-zig-zag-shirt-dress-in-coral

Tháinig mé trasna ar an ngúna seo ó Riversisland.com tá neart roghanna ar fáil ar an suíomh ach thaithin sé seo go mór liom de bharr an patrún agus an meascán dathanna idir an buí agus an dú-ghorm.

http://eu.riverisland.com/women/dresses/shirt-dresses/blue-floral-print-shirt-dress-678833

http://eu.riverisland.com/women/dresses/shirt-dresses/blue-floral-print-shirt-dress-678833

Ar suíomh newlook.ie a gheobhaidh sibh an gúna seo! Seo é an gúna is saoire a tháinig mé trasna ar go dtí seo ar €30. Bheadh sé seo go hálainn ar scoil agus tá sé deas fada freisin.

http://www.newlook.com/shop/womens/dresses/cameo-rose-navy-stripe-shirt-dress_368984641?productFind=search

http://www.newlook.com/shop/womens/dresses/cameo-rose-navy-stripe-shirt-dress_368984641?productFind=search

Daoibh siúd a bhfuil aithne agaibh orm tá a fhios agaibh go breá liom denim! Mar sin ní fhéadfainn gan ceann de na gúnaí seo a chur isteach.  Táim i ngrá leis an bróidnéireacht atá ar seo!

http://www.asos.com/Esprit/Esprit-Embrodiered-Denim-Shirt-Dress/Prod/pgeproduct.aspx?iid=6376877&cid=13053&sh=0&pge=0&pgesize=204&sort=-1&clr=Blue+denim&totalstyles=289&gridsize=3

http://www.asos.com/Esprit/Esprit-Embrodiered-Denim-Shirt-Dress/Prod/pgeproduct.aspx?iid=6376877&cid=13053&sh=0&pge=0&pgesize=204&sort=-1&clr=Blue+denim&totalstyles=289&gridsize=3

Chonaic mé an gúna seo freisin ar Asos thaithin sé liom ach ba bheag nár thit méi laige nuair a chonaic mé an praghas!  Ní fhéadfainn gan é a thaispeáint daoibh ní dóigh liom go mbeadh sé seo laistigh de mo bhuiséad agus ní bhreathnaíonn sé choh daor le €407!!

asos.jpg

Bhuel a chairde seo hiad na gúnaí is mó a thaithin liomsa.  Tá an t-uafás roghanna amuigh ansin agus má tá aon gúna nós iad seo atá feicfidh agaibh féin cuir teachtaireacht nó snap chugam!

Slán go fóillín, 

Roseann 

-xxx-