Gradaim IBA

Ok tá mé suite anseo ag scríobh an bhlag seo ar oíche na ngradam a bhí ar siúl thuas sa Radisson i mBaile Átha Cliath ar an 30ú Aibreán. Bhí an blag seo le bheith thuas coicís ó shin ach bhí muid ag fanacht leis an suíomh idirlín nua. Agus, faoi dheireadh tá an suíomh idilín nua beo!! Beag a cheap mé go mbeadh an blag á scríobh agam agus Gaeilge le Glam tar éis ceann dá chuid ainmniúcháin a bhuacaint!! Bhí trí ainmniúchán againn agus muid ag dul suas ag na IBA Blogger Choice Awards. An trí cinn sin ná 'Best New Blog', 'Fashion and Lifestyle' agus 'Innovation/Originality'.

 

An gradam a bronnadh orainn ná an ceann 'Innovation/Originality'. Ní fhéadfadh muid a bheith níos bródúla agus sásta linn féin. Agus muid ag caint ar an mbealach suas sa charr trathnóna Dé Satharin níor cheap muid go brách go mbeadh muid ag teacht abhaile le gradam. Cheap an ceathrar againn gurb é an 'Innovation/Originality' an ceann ab fhearr linn a fháil, agus nach é a fuaireamar. Tugann sé le fios go raibh agus go bhfuil daoine an-sásta agus ag tabhairt tacaíochta don Ghaeilge agus don cheathrar againn. Dúirt Roseann, Gearóidín agus Síofra gur léim mé don chathaoir nuair a fógraíodh muid mar bhuaiteoirí, fiú agus muid ag glacadh leis an ngradam, bhí mo chuid lámha ag croitheadh!!

GLG ENTRANCE.jpg

Stíl na hoíche

Bhí stíl éagsúil ag an gceathrar againn agus rachaidh mé tríd sin libh anois. Tosóidh mé liom fhéin. Is gúna glas a chaith mise, bhí sé gearr agus ansin fada ar an dá thaobh. Istigh i TKMaxx a cheannaigh mé é an táthnóna roimhe sin. Shiúil mé isteach, chonaic mé é agus cheannaigh mé é! Tá na bróga a bhí orm agam le cúpla bliain anois agus is ó River Island iad. Cheannaigh mé an mála i Penneys cúpla mí roimhe i gcomhair bainise. 

Chaith Roseann two piece álainn gorm ó Warehouse. Dúirt sí go raibh sé an-chompórdach. Cheannaigh sí a cuid bróga i New Look an oíche roimhe! Nach deas a théann siad leis? Dhá gorm agus nach iad a théann go maith le chéile.

Chaith Gearóidín gúna álainn midi ó Asos. Bhí cruth an-deas ar an ngúna seo agus chaith sí a cuid Kurt Geiger's leis. 

Is two piece a bhí ar Shíofra an oíche sin freisin. Istigh i Willow i nGaillimh a fuair sí é agus is féidir é a chaitheamh gan an barr air sa samhradh freisin. Bróga Amy Huberman a bhí urithi. 

Bhuel sin iad na houtfits a bhí orainn d'oíche na ngradam. Is oíche a bhí inti nach ndéanfaidh cailíní Gaeilge le Glam dearmad uirthi go deo mar gur buaicphointe inár saoil a bhí ann. 

Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as an mblag seo agus as an suíomh nua!

Le grá, 

Aisling 

xxxx