Makeup Lesson le Emma Farrell (EF Creative Studios)

Haigh a chairde, 

Síofra anseo agus an uair seo táim ag scríobh faoin 'Makeup Lesson' a fuair muid le Emma Farrell ó EF Creative Studios. Lá iontach a bhí ann! 

Thug mé féin, Gearóidín agus Aisling cuairt ar a 'salon' álainn i mBaile Átha Cliath agus bhí an-lá againn! D'fhoghlaim muid an t-uafás tips uaithi. Tips atá an-simplí ach úsáideach ag an am céanna! Bhí muid mar models agus ina dhiaidh sin thaispeáin Emma na scileanna ar fad dúinn agus ansin fuair muid an seans ár smidiú féin a dhéanamh freisin agus na scileanna nua a chleachtadh!

Labhraíomar faoi 'Day Time Makeup' agus seo hiad na tips a thug sí dúinn!

1. Prime your eyelids, then apply a neutral eye shadow

2. Use highlighting shadow on the brow bone and the inner eye

3. Line your eyes using a soft pencil

4. Apply mascara

5. Define brows using some eyeshadow

6. Even out your skin tone using a lightweight foundation

7. Apply concealer under the eyes and on any blemishes

8. Apply a light contour in the shape of the number 3

9. Use blush on the apples of your cheeks

10. Apply a highlighter above the blush

11. Use a sheer balm, lipstick or gloss

Labhair Emma faoin 'Colour Wheel' freisin agus cheap mé go raibh sé an-suimiúil ar fad! So, go bunúsach, tá dhá 'theory' i gceist, 'Concealing' agus 'Colours to make eyes pop'. 

1. Concealing

Breathnaigh ar an roth thuas, faigh dath do chuid súile agus téigh díreach trasna agus feicifidh tú an dath is mó a oireann duit!!

Mar shampla: 

  • Leicne dearga = 'Neutraliser' glas
  • Craiceann níos doimhne (sallow) = 'Neutraliser' labhandar
  • Má tá corcra agat faoi do shúile = 'Concealer' atá 'peachy'
  • Má tá gorm agat faoi do shúile = 'Concealer' atá oráiste

Thriail Emma an coincheap sin orainn agus chonaic muid na torthaí iontacha a bhí aici leis!

2. Na dathanna is cóir a úsáidionas go seasfaidh dath do shúile amach.

Oibríonn an coincheap seo díreach mar an gcéanna

  • Súile gorma = Oráiste. Donn, Bronzes agus Monóg (Cranberry)
  • Súile glasa = Corcra, Mauve agus donn atá níos doimhne/níos saibhre
  • Súile donna = Gorm, Glas agus Corcra atá níos doimhne/níos saibhre

Rinne mé mo shúile féin agus d'úsáid mé na tips go léir.

Thaitin an lá go mór linn agus d'fhoghlaim an t-uafás tips uaithi. Bheinn in ann trí nó ceithre bhlag eile a scríobh ar an lá so b'fhéidir go mbeidh mé ar ais má thaitníonn an ceann seo libh!

I ndiaidh an lae sin shocraigh mé go mbeadh an t-ádh dearg liom dá mbeadh sise ag déanamh mo smidiú don bhainis! Chuir mé an cheist uirthi agus ghlac sí í!!! :-P Táim ag súil go mór lenár gcéad gcrinniú eile i mí Eanáir do mo 'Bridal Trial'!!!

Tá cúpla pictiúr eile againn ón lá:

Chun níos mó eolais a fháil brú ar na boscaí thíos:

Sin é uaimse a chairde, tá súil agam gur fhoghlaim sibh rud éigean faoin mblag seo agus gur thaitin sé libh freisin! Mar is gnách, má tá aon cheisteanna agaibh, seolaigí iad chugam!

Le grá, 

Síofra. xxx