Loves an Luain- Gearóidín

Hello a chairde, 

Is dóigh gur thug sibh faoi deara go raibh mé féin agus Aisling ag comhaireamh céimeanna agus muid sa Róimh agus bhí muid ag baint an-chraic as. Bhuel rinneamar é sin le mo 'Fitbit'. Cheannaigh mé i mí Dheireadh Fómhair agus caithfidh mé a rá go dtaitníonn sé go mór liom agus mar sin is é an Loves atá agamsa an tseachtain seo.

Ní aon athlete mise agus níorbh ea riamh agus feiceadh dom go raibh mé ag éirí beagáinín leisciúil thart ar an am a cheannaigh mé é. Cuireann an 'Fitbit' ag súil mé agus táim seasta síoraí ag coinneáil súil ar an méid céimeanna a thógaim chuile lá anois. Sa bhliain nua tá súil agam a dhul ar ais ag rith arís agus tá's agam go mbeidh sé iontach uilig an uair sin. 

Is éard a dhéanann an 'Fitbit' ná go gcoinníonn sé súil ar an méid céimeanna a thógann tú chuile lá. Is féidir leat breathnú ar an méid calraí atá tú ag dó freisin (cé nach bhfuil mé cinnte cé chomh cruinn is atá sé sin), an fad a théann tú ó thaobh do chuid céimeanna de agus cé mhéad nóiméad gníomhach a bhíonn agat chuile lá, agus ar deireadh is féidir leat é a chaitheamh agus tú i do chodladh, rud atáim an-sásta leis, mar go gcoinníonn sé súil ar an méid codladh atá tú ag fáil. Is féidir cinn níos daoire a cheannacht a choinníonn súil ar do chroí má theastaíonn sé sin uait freisin. Tá cúpla cineál acu ann, ach cheannaigh mise an 'Fitbit Alta'. 

Is féidir na beilteanna a athrú air agus an rud is fearr faoi ná go bhfuil tú in ann aipp a íoslódáil ar d'fhón freisin agus is féidir leat laethanta a chuir i gcomparáid lena chéile. 

Lean muid ar Snapchat mar beidh mé ag caint faoi níos deanaí :) 

Gearóidín