Stíl na Seachtaine- Aisling..

Haigh Glams,

Táim anseo anocht le 'Stíl na Seachtaine' agsu tá sé beagán níos 'casual' ná mar a bhíonn go hiondúil ach deabhal dochair!! Seo thíos mo stíl agus seo an outfit a chaith mé an deireadh secahtaine seo caite nuair a chuaigh mé isteach ag Margadh na Nollag. 

Cheannaigh mé na bróga ar 'Caris Closet' cúpla seachtain ó shin agus níl siad caite rómhinic agam fós. Agus mé ag súil thimpeall an mhargaidh an tseachtain seo caite bhí sé ar nós gur péire slipéirí a bhí a mo chosa. Níor íoc mé ach €50 orthu agus tá siad fós ar fáil ar an nasc thíos ar an bpraghas sin.

Is 'Mollys' ó River Island na jeans a chaith mé agus caithfidh mé a rá théis an méid jeans dubha atá ceannaithe agam thar na mblianta seo hiad an cinn is deise ó thaobh 'fit'. An t-aon rud fúthú ná go n-imíonn an dath go héasca uathu. Tá siad le fáil ar an nasc thíos.

An 'gilet' ansin, creid é nó ná creid is in Aldi a cheannaigh mé é cúpla seachtain ó shin, €12 a  d'íoc mé air. Tá ceann díreach cosúil leis thíos anseo.

Agus ar deireadh mo mhála nua a fuair mé mar bhronntanas as Meiriceá. Is ó mo dheirfiúr Lorraine a fuair mé é agus níl praghas ná tada mar sin ar eolas agam ach chonaic mé clutch cosúil leis. Tá an nasc thíos.

Agus sin agaibh mo stíl na seachtaine a ghlams, mar a dúirt me, beagán níos casual ach níl aon dochar ansin scaití.

Grá Mór,

Aisling

X