Loves an Luain- Aisling

Haigh Glams,

Táimse ar ais an tseachtain seo arís le mo Loves. Tá Roseann fíorghnóthach agus mar a dhéanfadh cara ar bith, dúirt mé go seasfainn isteach di anocht. Agus tá mé sásta go bhfuil mé ar Loves mar tá mé ag iarraidh mo 'moisturiser' nua a thaispeáint daoibh ar aon nós.

Tá sé ráite go minic agam cheana faoin gcaoi nach raibh m aird á thabhairt agam do mo chraiceann ach le b'fhéidir trí bliana anuas ach anois táim coinsiasiach go gcaithfidh mé aire a thabhairt dó agus mé ag fáil níos sine.

Ón samhradh anois táim ag dul ag Edel in Áilleacht ar an gCeathrú Rua le haghaidh mo chuid malaí agus anois táim ag fáil na 'Image Peels' uaithi. Bhí an oiread sin cloiste agam faoi 'Image Skincare' agus rinne mé féin beagán taighde ar na táirgí agus táim ag úsáid na dtairgí anois le breis is dhá mhí agus caithfidh mé a rá go bhfuil (faoi dheireadh) an 'regime' ceart agam do mo chraiceann.

Caithim smidiú 6 lá na seachtaine, b;fhéidir seacht lá agus mar sin caithfidh mé aird a thabhairt ar mo chraiceann. Agus mar sin mo Loves anocht ná an Moisturiser seo ó Image a cheannaigh mar chuid de 'gift set' in Áilleacht. An rud is fearr faoi seo dhomsa ná go bhfuil an SPF istigh ann cheana agus ní ga dom smaoineamh air. (Cloiseann sibh ó Shíofra an tábhacht a bhaineann le SPF)

Ní féidir Image a cheannacht ar líne mar go bhfuil sé tábhachtach go n-úsáideann tú an ceann ceart duit agus an ceann is feiliúnaí do do chraiceann. Tá mise thar a bheith sásta leis seo agus faoi dheireadh go bhfuil táirge ''ceart'' faighte agam (ceann atá ceart do mo chraiceann- tá chuile dhuine difriúl)

Sin mise agus mo Loves anocht!

Grá Mór,

Aisling

X