Kris Kindle/Stocking Fillers faoi €20 don nóiméad deireanach!

Hello a chairde, 

Tá cúpla ríomhphost faighte againn ónár gcuid leantóirí sa tóir ar bhronntanais le haghaidh Kris Kindle. Mar sin seo thíos cúpla smaoineamh daoibh, rinne mé sáriarracht rudaí atá i siopaí a phiocadh mar go mbeidh sé deacair rudaí a fháil sa phost ag an nóiméad deireanach: 

1. Táimse i ngrá le coinnle agus is breá liom iad timpeall an tí. Bíonn cinn álainn i Homestore and More an t-am seo den bhliain. Cheannaigh mise cúpla ceann ann roimh an Nollaig agus bhí mé ag fanacht go gcuirfinn suas an crann chun iad a lasadh. Níl siad ach €5.99 istigh ann faoi láthair. 

2. Fuair mise stoca santaí anuraidh agus m'ainm air agus táim i ngrá leis. Níl ann ach rud beag simplí ach tá sé go deas agus chuir sé na blianta fadó i gcuimhne dom agus mé ag iarraidh a bheith ag fanacht i mo shuí le haghaidh santaí! Is féidir iad a cheannacht i Deals ach tá an ceann seo thíos go deas freisin. Tá sé ar fáil ar €14.99

3. An bhfuil mórán daoine in Éirinn nach maith leo tae? Ní dóigh liom é, cé go bhfuil cúpla duine aisteach amuigh ansin, mo chuid deirfiúracha ina measc. Táim i ngrá leis na taephotaí seo a mbíonn an cupán leo, tá siad chomh cute. Chonaic mé an ceann seo istigh i Tesco ar €14.40.

4. Ag fanacht le téama an tae, san aimsir fhuar seo tá na 'travel mugs' an-áisiúil. Tá cinn álainn i Dunnes. Níl an ceann deas seo ach €10. 

5. Is breá le chuile dhuine miotóga agus is é an uair nach bhfuil siad agat a mbraitheann tú uait iad. Seo péire deas ó Debenhams ar €15. 

6. Níl a fhios agam faoi dhaoine eile ach is breá liomsa ag ceannacht dialainne nua. Seo ceann álainn Kate Spade ó The Dotty Lemon. 

7. Rud nach n-úsáidim leath mo dhóthain ná uachtar láimhe. Is deas an rud é a bheith i do mhála. Níl na cinn sa Bodyshop ach €6.50. 

8. Is breá liom an Body Lotion seo ó Rí na Mara, tá sé go hálainn ar fad agus gan é ach €16. 

9. Is breá liom é seo ó Sanctuary Spa. Níl sé ach €13 agus is féidir é a fháil istigh i mBoots.

10. Clúdach nua don fhón ar €10.

Agus ar deireadh ag brath ar an duine, d'fhéadfá 'statement necklace' a fháil dóibh! Is rud é a bhéas agat i gcónaí agus atá go hálainn. Tá an ceann seo thíos le fáil i Topshop ach d'fhéadfá ceann a phiocadh suas in aon áit. 

Tá súil agam go raibh sé sin úsáideach daoibh a chairde, seans go dtabharfaidh sé cúpla idea beag daoibh! 

Nollaig Shona, 

Gearóidín xxx