1/2 Mharatón an Daingin

Hello a chairde,

Tá blag na seachtaine seo beagáinín difriúil uaimse, mar don chéad uair riamh nílim ag caint faoi bhróga nó faoi éadaí agus a leithéid!!  

Agus muid ag tús 2017 tá sé aisteach go bhfuil bliain eile curtha dínn againn. Tá na blianta ag imeacht chomh sciobtha! Ar aon nós, bhí mé thíos i nDaingean anuraidh agus an maratón ag dul ar aghaidh ansin agus is iomaí maratón atáim tar éis a bheith acu agus mo bhuachaill cara ag rith go Timbuktu agus ar ais arís. Bhuel i mbliana agus mé thíos ann, bhí mé ag breathnú orthu siúd a bhí ag rith agus bhí mé ag rá liom féin gur bhreá liom é a dhéanamh! Bhí idir shean agus óg, trom agus tanaí á dhéanamh agus líon mo chroí le bród agus mé ag breathnú ar na strainséirí seo ag trasnú an líne. Níl a fhios agam cén fáth ach nuair a fheicim daoine ag rith thar an líne, faighim an-emotional agus iad ag trasnú agus a gcairde agus a ngaolta ann ag tacú leo. 

I mbliana mar sin, táim ag iarraidh an leathmharatón a dhéanamh! Táim chun an ceann i nDaingean a phiocadh mar go ndeachaigh mé ag rothaíocht an route a dhéantar sa Chonamarathon agus ba bheag nár mharaigh sé sin mé gan trácht ar a dhul á rith. Chomh maith leis sin tarlaíonn an ceann i nDaingean i mí Dheireadh Fómhair, ciallaíonn sé sin go mbeidh 9 mí agam chun mé féin a réiteach dó. 

Faoi láthair ní rithinn ag an gcarr gan a bheith amuigh as anáil mar sin tá súil agam tar éis 9 mí go mbeidh mé sách aclaí dó. Ní dhearna mé tada níos mó ná 5k riamh agus mar sin cuireann an chaint ar 21k pian i mo bholg ag cuimhniú air. 

Is é an t-aon rud ar mhaith liom a dhéanamh faoi láthair agus a mbeadh fíor bhród orm dá mbeinn in ann é a dhéanamh. Chuile bhliain ag deireadh na bliana bím ag caint faoi 'resolutions' agus go bhfuilim chun seo agus siúd a dhéanamh agus ansin tagann mí na Nollag agus táim díreach mar a chéile don bhliain nua. Ní hé go mbím ag iarraidh meáchain a chailleadh ach ba mhaith liom a bheith níos sláintiúla agus níos aclaí agus ceapaim má scríobhaim síos anseo go bhfuilim chun é a dhéanamh go dtabharfaidh sé an cic sa tóin dom atá ag teastáil uaim le fada. 

Tá plean 21k aimsithe agam agus dá mbeadh spéis ag aon duine eile ann seo é thíos anseo; is plean 12 seachtaine é, ach mar gheall gurb é seo an chéad uair agamsa a dhul ag rith mar seo, táim chun é a athrú go plean 24 seachtaine. 

Bhuel a chairde, sin a bhfuil uaimse faoi láthair, ba bhreá liom dá mbeadh daoine eile chun é seo a dhéanamh agus go mbeadh cúpla duine sa mbád céanna liom, mar sin má tá sé ar intinn agat é a dhéanamh nó má tá tú ag traenáil déan cinnte snap a sheoladh chugainn ar gaeilgeleglam. 

Bíodh bliain mhaith agaibh uilig, 

Gearóidín xxx