Smaointe do na fir in bhur saol...

Haigh Glams, 

Bhuel tá seasúr na siopadóireachta faoi lán seoil agus is minic a bhíonn sé an-deacair bronntanais a fháil do na fir inár saoil. Agus mar sin táim anseo chun cabhrú libh!!

An chéad rud ar an liosta ná an Electric Shaver seo, tá sé handy, sin an t-aon rud a déarfainn faoi.

Cibé cén fáth ach bíonn na fir gafa le Only Fools ach é sin ráite le cúpla secahtain thosaigh mé féin ag breathnú air mar bíonn Eoin seasta ag breathnú air agus tá sé sách maith. Más duine acu sin é do dheartháir/fhear/uncail, bheadh sé seo foirfe dóibh.

Más daoine iad a dtaitíonn na gadgets leo, taitneoidh sé seo leo, an drone.

Phioc mé an ceann seo mar go bhfuil ceann acu agam féin ach tá na mílte uaireadóir amuigh ansin dóibh.

Gadget eile dóibh, an telescope seo, go háirithe má thaitníonn rudaí mar seo leo agus má tá cónaí ort in áit iargualta le radharcanna deasa.

Ceann éasca agus reliable iad na aftershaves. An ceann is deise liom faoi láthair.

Más fear é a dtaitníonn aclaíocht leis, taitneoidh sé seo leis. 

Geansaí deas é seo agus tá an dath go hálainn.

Gadget eile, do dhaoine nach mbeadh suim dá laghad acu sa Fitbit. An iKettle, tá aip ar an bhfón agus tá tú in ann cnaipe a bhrú agus an kettle a chasadh air ón leaba, nó agus tú ag tiomáint abhaile, nach iontach an smaoineamh é!!

Do na 'gamers'. Spléaclaí 3D, agus tá go leor cluichí ann na laethanta seo le fáil i 3D.

Bhuel a mhná, tá súil agam gur chabhraigh sé sin libh agus sibh ag iarraidh bronntanais a cheannach do na fir!

Grá, 

Aisling X