Béilte Beaga Blasta - Chocolate Log

Haigh a chairde, 

Mar is eol daoibh tá an Nollaig buailte linn agus is cinnte nach bhfuil aon leithscéal ag teastáil agus muid ag ithe gach rud le seacláid atá timpeall orainn.  Seo Oideas don Chocolate Log a bhí thuas agam ar snapchat aréir.

 

Na Comhábhair

 

An Cáca:

85g Siúcra 

3 ubh

85g Plúr

2 sponóg boird cocoa

1/2 tsp púdar bácála

An Reoán Seacláide:

50g Im

140g Seacláid dorcha

284ml Uachtar

200g Siúcra Reoán

1sp Boird Golden Síoróip

 

An Modh

Cas ar an oighean ar teocht 180oC

Cuir paipéar gréiscdhíonach agus im air ar an stán 

Cuir na huibheacha agus an siúcra sa stán agus buail iad leis an meascaitheoir ar feadh 6-8 nóiméad nó go dtí go bhfanann an uimhir 8 ar a bharr, beidh an meascán tiubh agus uachtarach.

 

Measc an plúr, an cocoa agus an púdar bácála le chéile agus criathraigh (Sieve) isteach leis an meascán uibheacha iad.

Fill gach rud le chéile go cúramach (bí cúramach nach mbuaileann tú amach an aer)

Dóirt an meascán isteach sa stán bácála. Scaip an meascán go cothrom sa stán

Bacáil san oighean ar feadh 10 nóiméad.

Cuir páipéar gréiscdhíonach ar an mbord agus nuair atá an cáca réidh cur ar bharr an pháipéir é.

Bain an páipéar ó bhun an cháca (remove lining paper)

Ag úsáid an páipéar rolladh an cáca (fág an páipéar taobh istigh dó ionas nach ngreamóidh an cáca le chéile. Fág é le fuarú.

Chun an Reoán Seacláid a dhéanamh:

  1. Leá an seacláid dorcha agus an t-im i mbabhla mór (Fág an babhla ina shuí i bpota le huisce fiuchta)
  2. Bain ón teas é agus cur leis an síoróip agus 5 sponóg boird d'uachtar.
  3. Ag úsáid an mheascthóir leictreach cur leis an siúcra reoán.
  4. Measc an t-uachtar atá fágtha agus nuair atá an cáca fuar cuir isteach i lár an spuinse é. 
  5. Rolladh an cáca arís agus nuair atá an cáca fuar cuir an reoán seacláid ar a bharr.
  6. Úsáid forc chun uigeacht a thabhairt don reoán.
  7. Is féidir é a mhaisiú le cuileann más mian leat.
  8. Criathraigh beagáinín siúcra reoán ar a bharr.

Arís ná déanaigí dearmad pictiúir a sheoladh chugaim má bhíonn sibh i mbun bácála.

Bain sult as an treat seo, 

Roseann xxxxx