Stíl na Seachtóidí ar ais- An 'Bell Sleeve'

Haigh Glams! Seachtain amhaín beagnach déanta ar ais ar scoil!! Ahhhh!! Cé go bhfuil mé sásta leis an 'routine' arís, ní bhuailfeadh tada é.

Ar aon nós tá mise libh anois agus an rogha atá déanta agam inniu ná Bell Sleeves. Tá rud éigin chomh clasaiceah fúthú seo agus caithfidh mé a rá gur aoibhinn liom an stíl seo cé nach bhfuil aon phíosa acu agam... tá mo chuid airgid uilig na laethanta seo á chaitheamh ar  an teach agus cúrsaí tí. (cúpla seachtain eile go mbeidh mé ag bogadh.....)

Agus mé ag cuardú ionsparáide don bhlag seo, is iad seo na píosaí is deise a chonaic mé.

Cheapfainn gur é seo an rud is deise óna píosaí uilig a fuair mé!! Tá sé an-daor agus ní bheinn in ann an méid sin a íoc air ach coinneoidh mé súil amach b'fhéidir go mbeadh sé ar Sale théis na Nollag.

Sin iad thuas na píosaí is deise a chonaic mé leis an trend nua seo, an Bell Sleeve. An rud is fearr faoin trend seo cheapfainn ná nach gá duit ach péire 'skinnys' a chaitheamh leo agus breathnaíonn tú 'classy' agus 'elegant'.

Grá,

Aisling X