An bhliain a bhí agam i 2016- Aisling.

Anuraidh scríobh mé blag ar an mbliain a bhí agam agus fuair mé an oiread sin teachtaireachtaí faoi agus go ndúirt mé go scríobhfainn ceann eile i mbliana. An chéad rud a chaithfidh mé a rá ná nach bhfuil a fhios agam beo cá ndeachaigh an bhliain. Bhí sí ar cheann de na blianta ba scioptha riamh dom, agus ceann de na cinn ba ghnóthaí freisin is dóigh.

An rud is mó faoin mbliain seo domsa ná an post nua a fuair mé mar Stylist ar an gclár a bheidh ar TG4 thart ar mhí Dheireadh Fómhair. Bhí mé chomh excited faoi agus chomh ríméadach go bhfuair mé an post. É sin ráite mhothaigh mé an t-uafás strus i mo shaol i mbliana nach raibh mé ag súil leis ná nár chleachtaigh mé riamh.

An oíche a bhuaigh muid gradam ón IBA i mBleá Cliath.. 

Mí Bhealtaine nuair a phós mo dheirfiúr, bhí an -deireadh seachtaine againn!

Mar a dúirt mé, bhi sí ar cheann de na blianta ba ghnóthaí dom agus idir an clár nua, mo phost lán-aimseartha sa gClochán mar mhúinteoir, obair Shatharn i nGaillimh, mo ról mar dhuine de Ghaeilge le Glam agus ag iarraidh a bheith ag déanamh cinntí faoi teach. Anuas ar sin uilig d'oibrigh mé ar feadh an tsamhraidh gan sos ceart ar bith a thógáil, is orm féin a bhí an mhilleán ansin.

Mo chéad selfie i mo theach agus le cúnamh Dé an chéad cheann eile a thógfaidh mé, beidh an teach réidh!

Ar aon nós, bhí sí gnóthach, bhí sí scioptha, bhí sí go maith ó thaobh na deiseanna a thug sí dom ach bhí strus agus imní ag baint leí. Cheapfainn go bhfuil rud nó dhó foghlamtha agam ón mbliain seo caite óna rudaí sin ar fad, tabharfaidh mé isteach sa bhliain nua iad agus foghlaimeoidh mé uathu.

Dom féin go pearsanta, is duine mé a bhíonn imníoch b'fhéidir faoin rud is fánaí amuigh ansin, tá mé anois i bhfad níos fearr agus ní ligim do rudaí seafóideacha cuir isteach orm. Tuigim anois an tábhacht a bhaineann le sos a thógáil, sé sin gan tada a dhéanamh ach do scíth a ligean, do leabhar a léamh, bath a thógáil nó breathnú ar chlár nó scannán grinn. 

Thosaigh mé ar ais ag Yoga arís i mbliana agus cinnte thug sé sin cúnamh dhom dearmad a dhéanamh ar chuile shórt ar feadh an achair agus mé á dhéanamh. Níl tada níos fearr!! 

Tá saol chuile dhuine i bhfad níos gnóthaí na laethanta seo, ní hamháin mo cheann féin agus is minic a tharlaíonn sé nach bhfeiceann tú do chairde chomh minic agus ba mhaith leat, caithfidh muid stopadh leis na leithscéalta sin agus an t-am a dhéanamh, mé féin ach go háirithe mar nach ndearna an méid ama is ba cheart dom do mo chuid cairde. 

Bhí Gaeilge le Glam bliain ar an bhfód i mbliana, agus d'éirigh linn ceithre ghradam a bhaint amach. Rinne muid ceiliúradh ar an mbliain le cóisir i mí Lúnasa. Bhí an-oíche againn!

Mo 'wish' do 2017? Deas simplí, go mbeidh mo chlann, mo chairde agus chuile dhuine a bhaineann liom slán sábháílte i ndomhan atá go síor ag athrú agus atá lán le 'surprises'. 

Tá bliain ghnóthach eile amach romham i 2017. Beidh mé ag bogadh isteach i mo theach i gceann cúpla seachtain freisin agus sin ceann de na buaicphointí dom. Cé gur bhain strus, brón agus rudaí mar sin leis, táim cinnte nuair a bheidh mé istigh gur mé a bheas sásta!!

Ag guí bliain mhaith oraibh uilig agus go mbeidh 2017 go maith dhaoibh uilig,

Go mbeirimid beo ar an am seo arís,

Aisling

X