Stíl na Seachtaine - Aisling

Haigh a Ghlams,

Cén chaoi a bhfuil sibh tráthnóna? Táim ar ais le stíl na seachtaine anocht agsu is outfit a chaith mé Dé Satharn seo caite atá agam daoibh. Seo thíos an outfit, simplí go leor.

 

Cheannaigh mé an léine bhán ar shein.com agus le bheith fírinneach is don teilfís a cheannaigh mé é ach fuair mé amach an tseachtain seo caite nach bhfuil cead aon rud bán a chaitheamh mar go bhfuil cúlra an stiúidieo bán freisin. Is maith liom an chaoi go bhfuil póca 'leopard' uirthi.

Thaitin leathar riamh liom agus tá cúpla péire leggings agus bríste leathair agam. Na cinn a chaith mé ag an deireadh seachtaine, tá siad agam le cúpla bliain agus is ó New Look iad. Ach tá cinn le fáil an-éasca, chonaic mé na cinn thíos ar boohoo.com agus iad faoi €15!! 

Tá na bróga a bhí orm agam le cúpla bliain freisin agus dár ndóigh, cén áit as iad? Penneys, cén áit eile!!! Ní cuimhin liom cén praghas a bhí orthu ach ní raibh siad ró-chostasach! Seo cinn cosúil leo thíos:

Bhuel sin stíl na seachtaine uaimse a chairde, simplí agus níor bhris sé an banc!!

Grá mór,

Aisling

X