Loves an Luain

Bhuel tar éis seachtain a chaiteamh ar laethanta saoire agus ag dul anseo agus ansiúd tá mise ar ais libh le Loves an Luain.  

Inniu roghnaigh mé an smidiú seo ó Penneys, agus an cuid is fearr dó níl sé ach €4.80.  

Le fada an lá tá mé ag úsáid gach saghas Smidiú ó Mac, Bare minerals, Estée Lauder agus anois Stila.  Chonaic mé an smidiú essence seo ar cara liom agus bhí sé flawless!!!! 

Mheasc mé é le mo stila an Satharn seo caite agus bhí mé chomh sásta leis tá trí dhath ar fáil agus seo é an Honey Beige an ceann is dorcha (ach níl sé ró-dhorcha).  Is féidir bronzer a chuir leis freisin.

Seo pictiúir den smidiú orm freisin, céard a cheapann sibh?