Embroidery- an obsession is déanaí atá agam

Hello a chairde, tá blag na seachtaine seo bunaithe ar embroidery, tá sé chuile áit le píosa beag anuas agus caithfidh mé a rá go bhfuilim i ngrá leis. 

Cheannaigh mé gúna ó Littlewoods Ireland a chaith mé ar chlár Róisín cúpla seachtain ó shin agus anois is cuma cén siopa atáim ann, feictear dom go mbíonn tarraingt faoi leith ag an stuif le embroidery air. 

Cheannaigh mé an léine álainn seo sa Róimh istigh i Zara. Táim i ngrá leis. Bhí 3 cinn eile istigh ann freisin a bhí i mo lámha agam ach b'éigean dom an cinneadh a dhéanamh agus gan ach ceann amháin acu a cheannach. 

Chonaic mé an sciorta beag seo istigh i Newlook an tseachtain seo caite agus cé nach dteastaíonn níos mó sciortaí uaim ní fhéadfainn é a fhágáil i mo dhiaidh. Bhí leath cheann acu istigh i Zara freisin agus bhí sé i mo lámh agam ach d'fhág mé i mo dhiaidh é. 

389971409.jpg

Seo cúpla rud eile a bhfuil mo shúil agam orthu faoi láthair: 

Gearóidín xxx