Velvet..... trend don séasúr seo

Haigh a chairde, 

Tá mé ag scríobh an bhlag seo anocht agus caithfidh mé a rá go bhfuil mé idir dhá chomhairle maidir leis an "trend" seo.  Is cineál "blast from the past" é seo domsa,  is cuimhin liom nuair a bhí mé óg bhí mé i ngrá le gúna velvet marún a cheannaigh mo Mham dom!!  Is léir go raibh mé an-fhaiseanta ag an am ;) 

Cuireann an gúna seo an gúna marún a bhí agam  blianta ó shin fi gcuimhne dom....

Is breá liom a bheith suas chun dáta leis na stíleanna éagsúla mar sin tá mé ar thóir píosa éadach déanta as velvet don Nollaig seo.  Níl mé cinnte céard go díreach atá mé ag iarriadh ach seo cuid de na píosaí is deise atá feicthe agam go dtí seo.  

Cad é bhur gcuid tuairimí maidir leo seo??

Tá an seacéad álainn seo ar fáil i River Island ar €60

Chuile bhliain don Nollaig ceannaím brístí dubha... chonaic mé iad seo i Top shop an tseachtain seo caite agus bhí siad chomh bog!!

Tá an sciorta seo ar fáil i topshop, bheadh seo gleoite le haghaidh cóisir na Nollag.

Céard faoi seo in ionad an LBD do chóisir na Nollag?

 

An bhfaca sibh an margadh iontach atá ar na buataisí seo faoi láthair ar River Island.. níl siad ach €40.

Mura bhfuil an misneach agat mórán velvet a chaitheamh an séasúr seo smaoinigh roinnt accessories a cheannach chun cur le d'outfit. Tá píosaí áille le fáil i River Island idir mhálaí beaga, chokers, bróga, míotógaí agus mar sin de.

Níl anseo ach blaiseadh beag don Velvet an séasúr seo. 

Ag súil go mór cúpla píosa a cheannach idir seo agus aimsir na Nollag.

Roseann 

xxxxx