Stíl na Seachtaine- Gearóidín

Hello a chairde, 

Seo é an culaith a chaith mé agus muid ag tógáil pictiúir don Irish Independant. Ní raibh cliú agam céard a chaithfinn ach bhí an gúna beag seo ceannaithe agam i mBorn cúpla seachtain roimhe. 

Faraor níl 'Born' ar fáil ar líne, ach is féidir an gúna a cheannacht sna siopaí atá acu. 

Seo thíos na bróga a chaith mé, cheannaigh mé iad agus mé ag dul ar chlár Róisín cúpla seachtain ó shin. Is maith liom go bhfuil siad pointeáilte. 

Mar is eol daoibh, is é an obsession nua atá agam ná brooches! Níl cliú agam cén fáth. Chuir mé an ceann seo leis an gculaith. Níl sé ar fáil ar líne níos mó, ach tá sé feicithe agam sna siopaí ó shin! (Tá braonacha báistí air sa phictiúr thíos mar go raibh sé ag doirteadh agus muid ag tógáil pictiúiri)

Tá an léine/blús atá orm sa phictiúr agam ó thosaigh mé ag múineadh, ach seo thíos ceann cosúil leis. Cheannaigh mise mo cheann i Forever 21 thart ar 6 bliana ó shin! 

Sin é uaimse a chairde, 

Gearóidín xxx <3