10 Táirge faoi €30 don Nollaig

Haigh Glams,

Nach deacair a chreidúnt go bhfuil An Nollaig i bhfoisceacht trí seachtaine uainn!! Táim anseo inniu chun cúnamh a thabhairt daoibhse nach bhfuil na bronntanais ceannaithe agaibh fos,

Phioc mé 10 táirge faoi €30. Tá súil agam go dtabharfaidh sé beagán ionsparáide daoibh.

So an chéad tháirge ar mo liosta don Nollaig. Chuile sheachtain bíonn 'star gift' ag Boots agus an tseachtain seo is an Ted Baker Set atá acu. Tá sé le fáil ar níos lú ná leathphraghas. Tá an 'packaging' go hálainn orthu freisin.

Ní féidir gan an tan seo a bheith agat don Nollaig. Ceann de na cinn is fearr a thriáil mé le fada an lá. Téann sé ort go héasca agus tá dath álainn nadúrtha air nuair a thagan sé amach ar an gcraiceann.

Leis an aimsir ag athrú agus ag fáil níos fuaire caithfidh muid níos mó aire a thabhairt don chorp agus don éadan. Tá Vitamin E an-tábhachtach sa chorp agus mar sin is fiú go mór a moisturiser seo a fháil.

l moran tithe in  Eirinn nach mbionn coinnle iontu ag an Nollaig agus mo faves na na 'Yankee Candles' seo Ta boladh alainn uathu agus teann an boladh ar fud an ti! Smaoineamh maith mar bhronntanas..

Dóibh siúd a bhfuil 'sweet tooth' acu nach mbeadh a hamper milseáin seo foirfe dóibh! Nach iad a bheadh sásta maidin lá Nollag nuair a d'fheicfidís iad seo.

Tá an cóta seo go hálainn agus ní féidir dhul amú le dubh. Bheadh sé ceannaithe agam ar 'Black Friday' ach tá ceann cosúil leis agam cheana.

Táim cineál i ngrá leis an fáinní ó Pandora na laethanta seo is fada liom go gceannóidh mé ceann eile. Tá an ceann thíos go hálainn mar bhronntanas do dheirfiúr nó do chailín cara.

Thart ar mhí Eanair chuile bhliain tosaíonn chuile dhuine ar ais ar an 'health kick' tar éis na Nollag. Mar sin nach deas a bheadh an leabhar seo dóibh chun cúnamh a thabhairt a bheith sláintiúil agus aclaí.

Cén bhean nach maith leo beagán seodra a fháil? Agus tá an 'brace;et' seo faoi €30!!! argadh ceart!!!

Tá miteoga leathair foirfe sa gheimhreadh agus an aimsir fuar. Freisin déanann siad an-difríocht don outfit. Tá an t-uafás roghanna ann na laethanta seo ach na cinn seo is ar Asos atá siad. Nach glam iad!!

Agus sin sin a chlann. Deich táirge a phioc mé a cheapfainn a thaitneodh le cara, cailín cara, máthair, aintín nó máthair baiste.

Chuala mé an chéad amhrán Nollag ar an raidió ar maidin agsu ba bheag nach raibh an carr curtha sa chlaí agam!!!

Grá,

Aisling

X