Courts Glam don Nollaig faoi €50

Hello a chairde, 

Thíos anseo tá cúpla péire bróga deasa bhfuil mo shúile agam orthu don Nollaig. Táim i ngrá leis an stíl 'court' faoi láthair agus caithfidh mé a rá go mbreathnaíonn siad go hálainn is cuma más péire jíons nó gúna atá ort. 

An chéad phéire anseo, cheannaigh mé iad nuair a bhí mé ag tabhairt ar ais buataisí nár thaitin liom ó River Island. Bhí mé sa scuaine agus chonaic mé ó choirnéal mo shúile iad agus ní raibh sé i bhfad go raibh siad sa mboot ar an mbealach siar go Conamara! 

An dara péire anseo, is as River Island iad freisin agus tá siad ar an bpraghas céanna agus na cinn seo thuas- €45. Tá mé cinnte go mbeadh siad go hálainn le neart cultacha le linn na Nollag. 

Is breá liom na bróga simplí liath seo. Arís gabhfaidh siad seo le chuile rud, go háirithe mar gheall ar an dath atá orthu! 

Ní féidir a dhul amú riamh le dubh! Agus is breá liom na sonraí atá orthu seo. 

Cheannaigh mise péire cosúil leis na cinn seo i Zara le linn an tsamhraidh, ach is bargain ceart iad seo. €26 atá siad seo faoi láthair i Topshop, agus beidh an dearg go hálainn d'aimsir na Nollag.

Má fheiceann sibh féin aon chinn deasa seol snap againn! Is breá liom bróga nua a fheiceáil i gcónaí! 

Gearóidín xxx