Na 'Winter Woolies'- Glam an Gheimhridh!

Haigh Glams,

Aisling libh anseo inniu agus mé ag caint faoin 'Winter Wollies'!! Nach iad atá ag teastáíl na laethanta seo. Tá aimsir chomh fuar, crispy ach úr ag an am céanna! Cheapfá nach féidir leat a bheith 'glam' sa gheimhreadh mar go n-iompaíonn go leor doaine ar na 'hoodies' (mise ar dhuine acu siúd)

Mar sin shocraigh blag a scríobh ar na 'knits' is deise a chonaic mé don gheimhreadh!!

An trí rus thíos, is ar boohoo.com a chonaic mé iad agus nach iad atá ag breathnú cosy, agus ní bhrisfidh siad an banc!!

Bhí Tigh Standún ag ceiliúradh 70 bliain ar an bhfód an tseachtain seo caite agus stop mé isteach ar mo bhealach abhaile ó mo chuid oibre agus bhí geansaithe áille ollainn ar thaispeántas acu agus cinnte roimh dheireadh na Nollag beidh ceann acu i mo vardrús! Seo hiad na cinn a bhfuil mo shúil agam orthu..

Tá 'sale' faoi láthair ag New Look ar na Wollies agus tá stuif an-deas acu...tá 'Black Friday' ar an mbealach agus mar sin níl mé chun tada a cheannach go dtí sin!! Ach chonaic mé iad seo...

Nach álainn an ceann é sin thuas... déanann na 'ruffles' difríocht mhór! Tá an dath seo coitianta na laethanta seo freisin.

Agus dá mbuafainn an lotto amárach bheinn sa tóir orthu seo....

Is cineál cape Karen Millen é seo agus is maith liom an chaoi go bhfuil 'lace' síos ar an dá muinchill!

Agus anois a chairde fágfaidh mé sibh le cúpla geansaí srl a chonaic mé ach nach mbeidh i mo sheilbh go deo!!!

Sin sin a chairde, blag ar na 'winter wollies'. Coinnigí deas te na laethanta seo mar tá sé 'nippy'..

Grá,

Aisling

X