'Lava Shell Full Body Massage' ag The Radisson Spa i nGaillimh!

Hello a chairde, 

Síofra anseo arís agus an uair seo táim ag scríobh tuairisce ar an 'Lava Shell Full Body Massage' a fuair mé féin agus mo chara Evelyn in Spirit One Spa i nGaillimh. 

Tugadh cuireadh dúinn cuairt a thabhairt ar an Spa agus nac muid a bhi sásta glacadh leis an gcuireadh agus an seans cúpla uair a chaitheamh i dTearmann Uirbeach an Spirit One Spa atá suite faoi thalamh an Radisson Blu i bhfad ó shaol ghnóthach na cathrach.

Ón nóiméad a shroich muid an t-óstán bhí chuile dhuine an-chairdiúil agus an-chabhrach linn. Bhuail muid leis na teiripeoirí scéimhe ag an tús agus thug siad an t-eolas ar fad dúinn faoin Thermal Suite agus faoin massage. Ansin, chaith muid thart ar uair an chloig ag ligínt ár scíth sa Theramal Suite. Tá seacht seomra teirmeach ar fáil ann agus ní fhéadfainn focail a chuir ar chomh suaimhneach is a bhí na seomraí sin. 

Ar ais go dtí an Massage arís bhí sé dochréidte! Ní gnáth massage a bhí i gceist ar chor ar bith! Bhí cúpla massage eile agam agus bhí siad go maith agus níl aon difríocht idir an ceann seo agus na cinn a fuair mé cúpla bliain ó shin!! Seans gur chuala sibh faoin Hot Stone Massage ach tugann an Lavashell go leibhéal iomlán nua é agus tá sé éagsúil mar tá an coireáil seo bunaithe ar mhodh an féin-téamh. Tarlaíonn imoibriú idir na comhábhair agus éiríonn siad te nuair a thagann siad i dteagmháil leis an gcraiceann!! Tá sé iontach don chóras fola, laghdaíonn sé pianta cnámha agus teannas sna matáin agus cuidíonn sé an t-uisce sa chorp a rialú. 

Úsáidtear an bhlaosc (shell) 'porcelain' seo thuas atá chomh mín agus bog! Súann an craiceann isteach na hollaí éagsúla atá istigh sa bhlaosc ansin caitheann an teiripeoir uair agus cúig nóiméad déag ag cuimilt na blaoisc ar an gcraiceann!! Cheapfá go raibh tú i domhain eile ar feadh an ama sin! Ní raibh mé ag iarraidh an leaba seo thíos a fhágáil ar chor ar bith!

Bhuel a chairde, sin é uaimse. B'é sin an 'massage' is fearr a fuair mé riamh! Rachaidh mé ar ais go dtí an Radisson, cinnte!

Slán go fóillín, 

Síofra. xxx